Machnamh ar léachtaí an Aifrinn, Domhnach na Pailme, 29 Márta 2015 | Cumann na Sagart | Baile | Cumann na Sagart

29 Márta 2015 Domhnach na Pailme (B) FREAGRA DON CHREIDEAMH LEIS AN MBÍOBLA leis an Ath. Máirtín Mac Conmara, MSC A.

 

Léachtaí an Domhnaigh mar threoir don Bheatha Chríostaí B. An Bíobla in agallamh le ceisteanna an lae Téama: Ceansacht Chríost dár ngríosadh A. An Bíobla sa Liotúirge mar threoir don bheatha (Léachtaí an Domhnaigh) An Mórshiúl (Marcas 11:1-10).

Íosa ag teacht isteach go hIarúsailéim.

 

Tá an sliocht  seo faoi theacht Íosa isteach go hIarúsailéim le fáil i ngach ceann de na trí shoiscéil  shionaptacha, Matha, Marcas agus Lúcás. Thug an eachtra le tuiscint do lucht leanúna  Chríost an fháistine ag an fáidh Zacairiá (9:9-10) faoi theacht an rí, an Meisias, go  humhail go hIarúsailéim, ag marcáiocht ar asal, téacs atá luaite ag Matha (ach nach  bhfuil ag Marcas): “Abraigí le hiníon Síón: Feach, tá do rí ag teacht chugat, agus é  go ceansa, ag marcaíocht ar asal, ar shearrach beithígh iompair”.

Mheasfadh duine  gur miorúilt a bhí ann faoi aimsiú an asail agus cé chomh héasca a scaoil an t-úinéir  leis an bheirt dheisceabal é, ach b’fhéidir go raibh aithne ag Íosa ar an úinéir cheana  féin. Bhí Cnoc na nOlóg, Béatfagé agus Béatáine congarach do Iarúsailéim, agus tá  a fhios againn go raibh cáirde ag Íosa ansin. Rud suntasach faoin léacht seo ná nach  cheileann Íosa a thuilleadh gurb é an Meisias, rí Iosrael, é. Tugann a lucht leanúna  é sin faoi deara agus tugann siad omós cuí dó. Labhraíonn Matha (agus Marcas)  faoi na sluaite a bhí roimh Íosa amach agus á leanúint. Is dócha gur deisceabail a bhí  iontu seo. Ócáid mhór a bhi ann dóibh siúd mar thuigeadar brí a raibh ag tarlú óna  gcreideamh sna fáistiní.

Níor tharraing an eachra aird chumhacht na Róimhe uirthi  féin, cumhacht a bhí san airdeall faoi aon bhaol dá réimeas i rith tréimhse na Cásca.  Ghlac Íosa leis an omós a tugadh dó: “Hósanna do Mhac Dháiví. Is beannaithe an té  atá ag teacht in ainm a Tiarna! Hósanna sna harda”, agus níos soiléire fós ag Marcas  ná ag Matha na Lúcás: “Is beannaithe teacht í, Ríochr ár nAthar, Daiví”. Ní raibh  baol na míthuisceana ann a thuilleadh, faoi mar a bhí ag Céasaraiá Philib. Ní fada go  mbeadh gártha eile ag glaoch ar a chuid fola, agus go mbeadh réimeas Dháiví aige  lena bhás agus a aiséirí.

 

Céad Léacht (Easáias 50:4-7). Níor cheil mé mo ghnúis ar mhasla, mar tá a fhios  agam nach mbeidh mé meallta. Seo é dara amhrán ghiolla an Tiarna (mar a thugtar  orthu) as ceithre chinn díobh. (Na cinn eile Easáias 42:1-4; 49:1-6; 52:13-53:12.)  

 

Ní fios go beacht cérb é an duine a bhí in aigne an fháidh nuair a chum sé na duanta  seo: an bhfuil sé ag labhairt iontu faoina phearsa féin, ag pearsanú Iosrael, nó faoi  dhuine fós le teacht. Is cuma faoin cheist áirithe seo. Is léir go bhfuil siad fioraithe  in Íosa Críost, ina bheatha agus ina bhás agus aiséirí. Cuireann an duan seo síos go  hálainn agus go beacht ar a phearsa agus ar an mhisean a bhí aige. Bhí an bua ó Dhia  aige fulaingt agus tuiscint a bheith aige dóibh siúd a bhí á chéasadh nó a bhí traochta.  Fulaingaíonn sé go foighdeach an méid is toil le Dia cur air, agus muinín iomlán aige  as Dia go nbeidh toradh ar a shaothar.

Salm le Freagra (Salm 21[22]). A Dhia liom, a Dhia liom, cad chuige ar thréig tú  mé?  Dara Léacht (Filipigh 2:6-11). Duan an-ársa Críostaí é seo, a bhaineann Pól úsáid as  le bheith ina eiseamláir do Chríostaithe conas aithris a dhéanamh ar Íosa. Is dócha go  bhfuil an duan ag déanamh codarsnacht idir Íosa, an tÁdhamh nua agus an an chéad  Ádhamh i nGairdín Pharthais. Bíodh gur duine daonna, i gcló daonna, a bhí sa chéad  Ádhamh ghlac sé le ghuth an diabhail, na nathrach nimhe, agus shantaigh sé bheith  mar Dhia, agus loit plean Dé. A mhalairt ar fad le hÍosa, a bhí i cló Dé ach a ísligh  é féin, go bás fiú na croise. An t-ainm a bronnadh ag Dia ar Íosa ná “Tiarna”. Ionann  “Tiarna” agus Críost céasta, aiséirithe, ar dheasláimh an Athar faoi ghlóir, agus an Té  a thugann uaidh an Spiorad Naomh don eaglais. Cré ann féin an teideal seo “Tiarna”.

 

Soiscéal (Marcas 14:1-15:47; leagan gearr Marcas 15:1-39). Tugann leagan fada  den soiscéal an cur síos dúinn ar chúrsaí ó rún Iúdás Íosa a thabhairt ar lámh go  dtí a bhás ar an gcrois. Tá insint ann ar na hullmhúcháin don Suipéar Deirneach,  ar an Suipéar fein, ar bhunú Naomh-Shacraimint na hEocairiste, le athrú aráin ina  chorp agus fíona ina fhuil, fuil an chonartha. Ina dhiaidh sin tagann a phianpháis i  Geitséamainí, conas mar ar gahbadh agus a cuireadh faoi thriail é, agus ag deireadh a  bhás ar an gcrois. Téann an leagann gearr ón dtriail os comhair Phioláit go bás Íosa.  

 

Go luath ina scéal faoi bheatha Íosa luann Marcas an freasúra a bhí ann dó ag grúpaí  áirithe, agus tar éis gur admhaigh na deisceabail ag Céasaraiá gurb é an Críost, an  Meisias, é mheabhraigh Íosa faoi thrí dóibh go raibh fulaingt agus bás in ndán dó in  Iarúsailéim. Thosaigh sin leis an bpianpháis i ngáirdín Geitséamainí, agus tá scéal na  páise ríomhtha ag Marcas i léacht an lae inniu. Ag bás Íosa d’admhaigh an taoiseach  céad pagánach gurb Mhac Dé é Íosa, cré lárnach a bheidh le craobhscaoileadh ag an  Eaglais tar éis aiséirí Íosa maidin Dhomhnach Cásca. Thosaigh Marcas a shoiscéal  leis na briathra: “Tosach Shoiscéal Íosa Críost, Mac Dé”, admháil chreidimh ar stádas  Íosa ó pheann creidmhigh. Cuireann sé crioch le scéal bheatha Íosa leis an admháil  chéanna ó bhéal an taoisigh céad phagánaigh: “Go dearfa, ba é Mac Dé an duine sin”.

B. An Bíobla: Machnamh agus agallamh le ceisteanna an lae Ceansacht Chríost dár ngríosadh Tá ábhar saibhir machnaimh i léachaí an lae inniu, agus den chuid is mó de  labhraíonn siad uathu féin ach iad a léamh agus súil againn ar shaol agus chúinsí ár  linne féin.  

 

Sa chéad agus sa dara léacht tá giolla, seirbhíseach, an Tiarna agus Íosa féin  curtha os ár gcomhair mar eiseamláir, an giolla a bhfuil teanga an aos léinn aige  toisc gur fhoghlaim sé ón méid a fhulaing sé, agus a thug dó an tuiscint freagra a  thabhairt do té atá traochta. Sin bua mór a bheadh le foghlaim ag saol an lae inniu— go bhfuil dínit sa bhrón, san fhulaingt, a thugann tuiscint do dhuine ar chora crua an  tsaoil. Déantar cur síos go minic i dtíortha áirithe ar “chineál na beatha”, “the quality  of life”, amhail is nach mbeadh brí, ciall, leis an bheatha dhaonna muna mbeadh sí  gan fhulaingt, gan fhadhb. Tógtar easba seo den “quality of life” mar leithscéal do  eotanáis. Tá a fhios againn go bhfuil scéal dá leithéid casta, ach mar sin féin is fiú a  mheabhrú go bhfuil dínit ag baint le gach gné den saol daonna.

 

Ceacht eile a thagann chugainn ón chéad léacht agus ón soiscéal, faoi Pháis Ár  dTiarna, ná ceansacht Chríost agus a gairm chugainn a bheith tuisceanach dá chéile.  

 

Leag an Pápa Prionsias béim ar a leithéid de sin agus thug na meáin chumarsáide  an-aird dó. Tá teachtaireacht ag Giolla an Tiarna agus ag Íosa, a fuair bás ar ár son,  don saol seo againne go fóill. Guímis go mbeadh toradh fónta ar aspalacht an Phápa  Proinéas.

© Cumann na Sagart 2017