Machnamh ar léachtaí an Aifrinn, 6 Meán Fómhair 2015 | Cumann na Sagart | Baile | Cumann na Sagart

6 Meán Fomhair 2015 (B) An Tríú Domhnach Fichead Saor

 

Freagra don Chreideamh leis an mBíobla

leis an Ath. Máirtín Mac Conmara, MSC

 

A.   Léachtaí an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chríostaí

 

B.    An Bíobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae: Glaoch d’athnuachan Chríostai san Eaglais in Éirinn.

 

A.    Léachtaí an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chríostaí.

 

Céad Léacht  (Íseáia Osclófar súile na ndall agus ni bheidh moill ar cluasa na mbodhar.  35:4-7). Tá diantaighde agus staidéar ann na laethanta seo faoi mar ar cuireadh Leabhar Íseáia, caibidil 1 go 66, go mór mór caibidil 40-55, i dtoll a chéile, agus is cinnte go leanfaidh an cíoradh ar aghaidh. Is gnáthach, mar sin féin, trí chuid, trí roinn, a fheiceáil sa leabhar.  A bhfuil ar eolas againn faoin bhfáidh féin (a bhí gníomhach sa dara cuid den ochtú céad roimh Chríost) tá sin ar fáil sa chéad roinn den Leabhar (caibidil 1-39), agus don chuid is mó de tá sé ag tabhairt rabhaidh  don phobal faoina mídhílseacht don chonradh. Roinn níos déanaí  den Leabhar, caibidil 40-55 (nó 40-48), ar a dtugtar an Dara Íseáia, cumadh í thart ar dheireadh na deoraíochta sa Bhaibealóin, idir na blianta 550 agus 540 roimh Chríost, roinn a dtugtar mar theideal di “Leabhar an tSóláis”. Tá gealltanais ann faoin fhilleadh ón deoraíocht agus faoi thodhchaí ghlórmhar. Tá na caibidil eile níos óige ná sin fós, ó thréimhse tar éis na deoraíochta. Caibideal 35, as a  dtógtar léacht an lae inniu, bíodh gur ó chéad roinn an leabhair é (caibidil 1-39), ó thaobh an léargais atá ann baineann sé le léargas an Dara Íseáia. Díríodh an léacht seo céaduair ar na deoraithe sa Bhaibealóin, nach raibh aon bhunús daonna acu faoi shaoirse teacht chucu, agus spreagtar iad misneach a bheith acu. Tá Dia le teacht ina gcabhair le malairt chinniúna agus le rath a thabhairt dóibh. Faoin ré nua seo ó Dhia d’Iosrael deirtear leo gur “bhur ndíoltas atá ag teacht, is é cúiteamh Dé é”, ach ní dócha gur díoltas i gcoinne naimhde Iosrael atá i gceist, mar díreach ina dhiaidh sin labhartar faoi Dhia mar Shlánaitheoir: “eisean (Dia) atá ag teacht do bhur slanú”. Ionann “díoltas” agus “cúiteamh” anseo agus díograis Dé i leith shlánú a phobail, pas beag mar a deir briathar gaolmhar leis in Íseáia 9:6: “Díograis dhílis an Tiarna a chuirfidh sin i gcrích”. Tugann lámh seo Dé leigheas agus iomláine do thinnis ní hamháin don phobal (Iosrael) agus don duine aonair (na daill, bodhair, bacaigh, balbháin) ach don dúlra féin (fásach, gaineamhlach, talamh loiscthe, fearann spalta). Roghnaítear an sliocht seo ó théacs níos faide in Íseáia le dul leis an léacht i Soiscéal an lae inniu ina fheictear ar an fháistine seo bheith comhlíonta ag Íosa.

 

Salm le Freagra (Salm 145[146]). Tabhair moladh don Tiarna, a anam liom.

 

Dara Léacht (Séamas 2:1-5). Nach iad bochta an tsaoil a thogh Críost agus a ndearna sé oidhrí na ríochta díobh. Leagann Litir Shéamais béim láidir ar chreideamh in Íosa atá beo agus á chleachtadh. Glacann Séamas leis go bhfuil eolas ag a léitheoirí ar theachtaireacht an tSoiscéil agus gur choir maireachtáil dá réir. Cuireann sé béim air seo arís agus arís eile. Ní rud teibí teachtaireacht an tSoiscéil, “an briathar” mar a thugann sé air. Is cumhacht é istigh i gcroíthe na gcreidmheach, a bhfuil ar a chumas a n-anamacha a shabháil. Tugann Séamas “an briathar in-síolaithe”, curtha istigh, a síoladh i gcreidmhigh, ar an mbriathar seo (Séamas 1:21). I dteanga an lae inniu b’fhéidir go bhféadfaimis labhairt faoi mar an Spiorad Naomh lonnaithe inár n-anamacha. Tugann “an briathar”, teachtaireacht an tSoiscéil, an teagasc atá lenár mbeatha a threorú. Tugann Séamas Dlí na Saoirse air. Is féidir dearcadh air mar scáthán. Ach mura cuirtear an teagasc i gcrích trí ghníomhartha tá sin cosúil le duine a fhéachann ar a íomhá féin sa scáthán agus ansin imíonn agus déanann dearmad ar a bhfuil feicthe aige (Séamas 1:22-25). Mar a mheabhraíonn Séamas dúinn, níor chóir dallamullóg a chur orainn féin: ní leor éisteacht leis an mbriathar amháin; ní mór é a chur i ngníomh chomh maith (Séamas 1:22).  I léacht an lae inniu tugann Séamas sampla nithiúil de na  héilimh a fhéadfadh an “briathar”, teachtaireacht an tSoiscéil, a dhéanamh. Tugann sé sampla de thionól liotúirgeach Críostaí in áit chruinnithe (ar a dtugann sé sionagóg), mar a bhfuil an pobal suite in ord agus in eagar, le uachtarán i gceannas. Tagann fear uasal le éadái maithe agus fáinní air isteach agus tugtar cuireadh dú suí in áit onórach. Ansin tagann fear bocht le drochéadach air agus deirtear leis suí in áit níos ísle. De réir dealraimh ba ón ísealaicme an pobal Críostaí i gceist ag Séamas, agus meabhraíonn Séamas dá léitheoirí gur beannaithe na boicht. Is méanar dóibh. Is saibhir iad de bharr na gairme chun an chreidimh atá faighte acu ó Dhia; is oidhrí na ríochta iad. Tá briathra Shéamais an-chóngarach do ráiteas tosaigh na mBiáide i Soiscéal Lúcáis: “Is méanar daoibhse atá bocht, óir is libh ríocht Dé”.

 

An Soiscéal (Marcas 7:31-37). Thug sé éisteacht do bhodhra agus caint do bhalbha.  Ní dochar anseo a mheabhrú an sliocht a chuaigh díreach roimhe seo i Soiscéal Mharcais. Chuaigh Íosa ón Ghailíl, mar a raibh diospóireacht aige leis na Fairisínigh agus na scríobhaithe, siar go críocha pagánacha na Tuíre agus na Siodóine. Ansin bhuail bean leis, bean phagánach a mheabhraíonn Marcas linn, bean Ghréigeach í, Suíriféiniceach ó dhúchas, a iarann ar Íosa a hiníon a leigheas. Ba é freagra Íosa ná gur chóir tús áite a thabhairt dá phobal féin, pobal tofa Dé, ach molann sé creideamh na mná agus leigheasann sé a hiníon mar a d’iarr sí. Is é is mian le Marcas a léiriu ná nár rinne Íosa dearmad de na pagánaigh, na gintlithe, na neamh-Ghiúdaigh, bíodh gur rinne sé a chuid seanmóireachta go príomha d’Iosrael. Tháinig Íosa thar nais ón Tuír go Muir na Gailíle trí chamchuairt: ó thuaidh ón Túir go críocha pagánacha na Siodóine, ansin anoir aneas agus don taobh thoir de Mhuir na Gailíle trí cheantar pagánach an Decapolis. Baineann léacht an lae inniu le míorúilt, ach ní deirtear linn go folas cá háit ar iarradh an mhíorúilt sin, cé acu i gceantar pagánach nó nach hea, agus cé acu Giúdach nó pagánach an fear i gceist – ach níl aon leid ann gur cúlra gintlí, pagánach a bhí i gceist.

An t-easlán in gceist tá sé bodhar agus tá  “bascadh (bacadh) ar a chaint” (stad ina chaint);  mogilalos  an focal Gréigise a bhaineann Marcas úsáid as dó sin, focal nach bhfuil le fáil ach in áit amháin eile, Íseáia 35:6 (“balbháin” sa leagan Gaeilge de Íseáia), a thugann le fios go bhfuil Marcas ag úsáid an leagan Gréigise de Iseáia agus ag déanamh tagairt do.

Modh leithleach sna Soiscéil an tslí ina dhéanann Íosa an t-easlán a leigheas. Nil aon cheist faoi seilbh a bheith ag deamhan san easlán, nó faoin deamhan a chaitheamh amach. Roinnt de na modhanna a bhaineann Íosa úsaid astu, mar shampla úsáid na seile, bhíodar comónta i measc lucht leighis Giúdacha agus Gréigeacha. Lig Íosa osna as, in urnaí nó i mbrón, agus thug sé ordú do chluasa an fhir in Airimis (Ephphata),  “Osclaítear  thu”. Comhlíonadh fháistine Íseáia 35:3-7 (a léadh sa chéad léacht) ab ea an mhíorúilt, bíodh go labhraíonn an téacs sin faoi oscailt na súl, seachas oscailt na gcluas. Bheadh brí shiombólach le míorúilt seo Íosa. Bheadh súile agus cluasa na nAspal oscailte le comhlíonadh an bhfáistiní ag Íosa a thuiscint, agus bheadh líofacht cainte acu siúd ar a raibh bac ar  dteanga. Agus déanfaí aithris ar gníomhartha agus bhriathra Íosa i deasghnátha an bhaiste

 

 

B.                       An Bíobla in Agallamh le ceisteanna an lae: Glaoch d’athnuachan Chríostai san Eaglais in Éirinn.

 

Ón gComhdháil  Eocairisteach Idirnáisiúnta i mBaile Átha Cliath sa bhlaian 2012 i leith bhí glaonna éagsúla ann do athnuachan na hEaglaise in Éirinn, athnuachan ar an eolas ar an Soiscéal agus an teagasc Críostaí agus athnuachan ar chleachtadh iomlán an chreidimh. Tugann na léachtaí as Litir Shéamais san Aifreann cuireadh sin a dhéanamh agus léargas chomh maith faoi cad atá i gceist.

            Is scáthán é an creideamh, an Soiscéal, inar féidir leis an Eaglais íomhá cheart di féin a fheiceáil. Le go mbeadh an creideamh ina scáthán den sórt seo ní mór do dhaoine eolas maith a bheith acu ar Íosa agus ar an mbeatha Chríostaí faoi mar a chuirtear sin inár láthair sna Soiscéil, go háirithe sa tSeanmóir ar an Sliabh, i Litreacha an Tiomna Nua a léitear gach Domhnach san Aifreann, agus sa teagasc Críostaí. Is ansin a fhéachaimid an íomhá cheart den Eaglais faoi mar ba chóir di bheith. Mar dhaoine a chreideann i gCríost, agus i ndomhan atá go minic naimhdeach do luachanna Críostaí, ba choir do chreidmhigh dearcadh ar an oidhreacht seo ní mar ualach ach (i mbriathra Shéamais) mar dhlí na saoirse, oidhreacht a thugann treo inár mbeatha agus treoir faoin ár mbeatha a thabhairt as i slí atá go fíor daonna agus Críostaí. Ní creideamh den intleacht amháin an bheatha Chríostaí. Is bronntanas ó Dhia an creideamh, i mbriathra  Shéamais, briathar in-síolaithe inár n-anamacha, a spreagann chun gnímh i deabhóid Chríostaí. Is briathar é ar féidir leis ár n-anamacha a shabháil.

            Déantar an  fíorchreideamh beo trí chleachtadh. Mar adeir Séamas ní leor éisteacht leis an briathar; caithfear é a chur i ngníomh chomh maith. I mbriathar Shéamais arís is cosúil éisteacht gan gníomh agus duine ag dearcadh ar a cheannaithe, a íomhá (Chríostaí)  sa scáthán ach dearmad a dhéanamh go luath faoi cé sórt é. Le sampla praicticiúil a thógaint, ligfeadh dearcadh mar sin gan gníomh do dhuine  ainm a chur síos i bhfoirm dhaonáirimh mar “Caitliceach Rómhánach” gan aon chaidreamh ar éigin, a bheith aige nó aici leis an gcreideamh Caitliceach seachas sin, Caitlicigh ó thaobh cultuir nó cine seachas gnímh.

            Brí agus éilimh athnuachan Chreidimh in Éirinn inniu. An chéad rud nach mór tabhairt faoi deara sa cheist seo ná a fháil amach conas atá cúrsaí dáiríre. In áireamh a rinneadh i 2013 faoi fhreastal ar Aifreann an Domhnaigh in Éirinn fuarathas amach go bhfreastalaíonn 34% air, bíodh go bhfuil sé i bhfad níos lú mar sin i roinnt cathracha, Baile Átha Cliath mar shampla. Is figiúr an-ard an 34% sin don Iarthar Domhan inniu, bíodh go bhfuil sé i bhfad níos isle ná an 91% in 1972-1973 agus an 87% in 1981, a chuaigh síos go suntasach go 56% in 2006. Ach bhí pobal Caitliceach na hÉireann thar a bheith deabhóideach go dtí na blianta deiridh seo. Agus in áireamh eile a rinneadh sa bhliain 2011 fuarathas amach go dtéann pas beag níos lú na 50% de Chaitlicigh chuig an Aifreann uair sa tseachtain nó sa mhí. Sa daonáireamh náisiúnta is déanaí (2011) shínigh 84% gur Caitlicigh Rómhánaigh iad, agus déarfadh daoine áirithe gur beaiche 90% maidir le Éirinnigh an uimhir nuair a fhágtar eachtrannaigh Chaitlicigh (ón Phólainn mar shampla) as an áireamh. Tá laghdú suntasach ar fhreastal ar na Sacraimintí i measc na n-óg, ach ní hionann sin agus a rá go bhfuil an creideamh caillte acu i nDia, i ndiagacht Chríost nó san Eaglais. Ach is fada idir an 84% san daonáireamh agus an líon a dhéanann freastal ar an Aifreann, rud a ardaíonn an cheist an Caitlicigh de réir cine nó cultúir sciar maith den 84% sin. Is cinnte go bhfuil athnuachan de dhíth, agus éilíonn athnuachan iarrachtaí a dhéanamh teachtaireacht Chríost a chur trasna don aos óg le iad a dhéanamh deimhin go bhfuil glaoch ó Chríost acu a gcreideamh a neartú tríd na Sacraimintí agus freastal rialta ar an Aifreann.

            Ról lárnach na hurnaí agus na deabhóide. Chuir Íosa é fein i láthair mar  arán na beatha a tháinig anuas o neamh. Agus meabhraíonn sé dúinn nach dtagann aoinne chuige ach trí ghrásta Dé, an tAthair (Eoin 6:65). Mar a deir Séamas (Séamas 1:5; 3:13-18) tá eagna ann, slí le rudai síorraí a mheas, a thagann ó Dhia, agus eagna gur ón saol seo a bunús, le spéiseanna saolta aici. Is é an péarla lómhar é an Chríostaíocht, ar choir a mheas mar sin.

 

            Urnaí do ghairmeacha don sagartacht agus do mhinistrí creidimh. An athnuachan seo is trí chreideamh beo an phobail a thiocfaidh sí, agus is mar an gcéanna le gairmeacha don sagartacht, don bheatha rialta, agus i gcóir ministrí éagsúla na hEaglaise.  Ba chóir urnaí chur suas chun Dé don athnuachan agus do na gairmeacha sin.

© Cumann na Sagart 2017