Machnamh ar Léachtaí an Aifrinn, 3 Nollaig 2017

3 Nollaig 2017 (B) An Chéad Domhnach den Aidbhint

Freagra don Chreideamh leis an mBiobla

leis an Ath. Máirtín Mac Conmara, MSC

 

A.              Léachtaí an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chríostaí

 

B.              An Bíobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae: Déanaigí faire! Ag feitheamh le Dia.

 

A.              Léachtaí an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chríostaí

 

Céad Léacht (Íseáia 63:16-17; 64:1, 3-8). Och, dá roisfeá na flaithis óna chéile agus teacht anuas. Tugann teideal na léachta seo éirim an tsleachta agus tréimhse na hAidbhinte dúinn. Tá an t-údar ag éamh ar Dhia na flaithis a roiseadh, a réabadh, a scoilt, agus teacht i gcabhair ar a phobal atá i gcruachás. Tá cathair naofa Iarúsailéim ar lár; is fothrach folamh gan aird anois í, agus an Teampall, ionad chónaithe Dé ar talamh tráth, scriosta. Tá spiorad na hAidbhinte le braith go láidir sa léacht seo, agus bheadh cuid dá ábhar de ghlanmheabhair ag alán, mar go bhfuilid le fáil i dán ál­ainn sin na hAidbhinte Rorate caeli. Labhraíonn a bhfuil ann le gach Aidbhint bliain i ndiaidh a chéile, le gach aois, le gach ré. Is fiú, measaim, dul siar agus an sliocht a shuíomh ina chúlra sa Leabhar seo Íseáia agus ina chúlra staire tosaigh. Na cúig vearsaí scaipthe atá againn sa sliocht seo is cuid iad de Shalm fada in Íseáia 63:7-64:12, salm atá gaolmhar le Sailm 44(43) agus 74(73). Caoine an phobail atá ann, agus achainí ar Dhia, a nAthair, teacht I gcabhair orthu an athuair, ag meabhrú na n-éachtaí a rinne sé dóibh san ré a bhí thart, ag admháil a mídhílse agus a gcuid peacaí féin. Ó chráchroí an phobail tar éis threascairt na cathrach naofa agus scriosadh an Teampaill sa bhliain 586 roimh Chríost, is soiléir go raibh an chneá sin amh ina gcuimhne go fóill, agus is dócha gur cumadh an Salm seo go luath tar éis threascairt na cathrach, nó idir na blianta 538 agus 522, nuair a tugadh cead dóibh filleadh ar a dtír dhúchais ach nach raibh tada déanta maidir le atógáil na cathrach nó an Teampaill. Is iontach na smaointe atá ann: Dia, an Tiarna, mar Athair agus Fuascailteoir, iad féin, treibheanna a oidhreachta, ar seachrán óna shlíte, agus an achainí ó chroí chuige: “Och, dá roisfeá na flaithis óna chéile agus teacht anuas”. An admháil faoina bpeacaí: iad le fada riamh ag déanamh míréire; iad mar a bheadh daoine neamhghlana, a mbearta córa ar fad amhail giobal salach; iad uile tar éis titim ar nós duilleoga, de bharr a gcionta á siabadh ar shiúl mar a dhéanfadh an ghaoth. Agus ag deireadh, in ainneoin sin, an creideamh láidir i nDia, a nAthair, iad sin an chré agus Dia an criadóir, iad sin go léir saothar lámh Dé.

 

Salm le Freagra (Salm 79[80]). Cuir ar ais sinn, a Dhia. Taispeáin dúinn d’aghaidh ghrianmhar agus slánaigh sinn, a Thiarna.

 

 

Dara Léacht (1 Corantaigh 1:3-9). Táimid ag tnúth lenár dTiarna Íosa Críost a nochtadh. Ag tús a litreach chuig na Corantigh, a bhunaigh sé tamall gearr – cúig bhliain nó mar sin – roimhe sin, gabhann Pól buíochas le Dia as an ghrásta go léir, agus na buanna iomadúla, atá bronnta aige ar an eaglais óg sin. Leagann sé béim ar seo gur ó Dhia na tíolacthaí sin, ní uathu féin. Ní foláir ná go raibh eolas maith acu ar an gcreideamh, agus crois Chríost mar lárphointe ann. Bhí raidhse den eolas ar an gcreideamh acu, agus raidhse den urlabhra chun fianaise as thabhairt faoin gcreideamh sin. Buanna iad sin, in aigne Phóil, a cheanglaíonn na creidhmigh le hÍosa Críost, le beatha ionraic Chríostaí. Is dócha go raibh an Eaglais sin, mar a bhí Pól seal, ag súil go mbeadh téarnamh Íosa ann go luath. Bhíodh an mana Marana tha¸ “Tar a Thiarna”, á rá acu san Eocairist. Deir Pól go rabhadar ag tnúth leis an téarnamh sin, leis an Tiarna Íosa Críost a nochtadh. An fhaire ab fhearr don nochtadh sin ná beatha Chriostaí. Arís, leagann Pól béim ar shaothar Dé san fhaire sin: grásta Dé, Dia atá dílis agus a ghlaoigh ar chreidmhigh bheith rannpháirteach lena Mhac Íosa.

 

An Soiscéal (Marcas 13:33-37). Déanaigí faire mar ní fios daoibh cén uair a thiocfaidh Tiarna an ti. Sa véarsa díreach roimh an sliocht seo dúirt Íosa lena dheisceabail faoi Théarnamh Mhac an Duine nach raibh a fhios ag duine ar bith faoin lá sin nó an uair sin, fiú ag na haingil sna flaithis, nó ag an Mac, ach ag an Athair. Agus díreach ina dhiaidh sin tugann Íosa an rabhadh seo dá dheisceabail: Bígí aireach, déanaigí faire, mar ní fios cén uair a thiocfaidh an tiarna. Samhlaítear gur san oíche a thiocfaidh sé, agus luaitear ceithre fairí na hoíche sa chóras Rómhánach: tráthnóna, lár na hoíche, glao an choiligh, agus maidin. Bhí Íosa ag caint lena dheisceabail, ach déanann Marcas deimhin de go mbaineann a dúirt Íosa le cách: “An rud a deirim libhse, deirim le gach duine é: Déanaigí faire”.

 

 

 

B.                      Machnamh agus an Bíobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae. Déanaigí faire! Ag feitheamh le Dia.

 

Machnamh: Déanaigí faire. Ní fios cathain a bhfuilimid chun buaileadh leis an dTiarna. Sa luatheaglais bhí béim i dTéarnamh, filleadh, an Tiarna Íosa, bíodh nach raibh a fhios ag aoinne cathain a bheadh sin ann. Mhaolaigh ar an dtaobh sin den scéal de réir a chéile, ach is fíor i gcónaí an rabhadh faoi bheith réidh le buaileadh leis an Tiarna in am ár mbáis. Ionann an rabhadh sin agus beatha Chríostaí a chaitheamh, agus maithiúnas inár bpeacaí a iarraidh ar Dhia. Is tráth í tréimhse na hAidbhinte le machnamh a dhéanamh gur ann don pheaca, idir bheag agus mór.

 

Agallamh le ceisteanna ár linne féin. Ag feitheamh le Dia. Scríobh Samuel Beckett dráma faoin dteideal “Ag feitheamh le Godot”. Cuid den chreideamh Críostaí, i slí, ná feitheamh le Dia, agus is tráthúil tréimhse na hAidbhinte le machnamh a dhéanamh air. Bliain i ndiaidh bliana tréimshe ullmhúchain dúinn an Aidbhint do “theacht” Íosa um Nollaig. Ionann an focal Laidine Adventus taobh thiar den Ghaeilge Aidbhint agus “Teacht”. Agus déanaimid iarracht machnamh dhéanamh ar a chéad teacht agus ar an Dara Teacht, nó Téarnamh. Is gné dhílis de chreideamh an tSeantiomna agus an Tiomna Nua an feitheamh le Dia, le Dia lena theacht le ceart agus coir a chur i bfeidhm de réir a naofachta agus a ghealltanas féin. An chéad achainí sa Bhíobla ar Dhia sin a dhéanamh ná ón bhfáidh Habacúc, thart an ar mbliain 609 roimh Chríost. Bhí fórsai mileata na Baibealóine ag imirt slaid agus cos ar bolg ar phobal ionraic na Pailistíne, agus gan faic á dhéanamh faoi ag Dia. Mar fháidh Dé bhí Habacúc chun seasamh ar a thúr faire le freagra ó Dhia a fháil ar a chasaoid. Thug an Tiarna freagra air á rá: “Scríobh síos an fhis; déan í a ghreanadh ar leaca ionas go mbeidh sé furasta í a léamh. Óir is le haghaidh a hionú féin amháin a tugadh an fhís seo; tá sí ag tnúthán lena comhlíonadh agus ní dhéanfaidh sí bréag. Go fiú má bhíonn sí mall ag teacht, fan lei; mar tiocfaidh sí i gcrích go cinnte; ní theipfidh uirthi choíche. Féach, cloítear an té nach bhfuil croí ionraic aige; ach mairfidh an fíréan de bharr a dhílse.”

Tugann sin le fios an spiorad is gá dúinn agus sinn ag feitheamh le Dia, le comhlíonadh gealltanas agus fáistiní: dílse agus foighhid. Muna bhfuil sin ag duine caillfear é. Ar ndóigh fíoradh a lán de fháistiní na bhfáithe, agus thug fís an Dara Íseáia uchtach do na deoraithe tabhairt faoina dtodhchaí, bíodh nár fíoradh de réir na litreach í. Ina slí féin fíoradh an fhís sa Tiomna Nua. Rún an Athar ab ea an lá agus an uair bheacht le críoch a chur leis an stair, nárbh fhios do Íosa ná do Phól, a lean orthu ag craobhscaoileadh an Dea-Scéil. Bhí cuid de bhriathra Íosa a thabharfadh le fios go raibh Téarnamh Íosa le teacht ag glúin a chomhaimsire, agus nuair nár tháinig ghlac roinnt Chríostaithe scannal faoi. Mheabhraigh údar Dhara Litir Naomh Peadar dóibh machnamh a dhéanamh ar thrócaire agus ar fhoighid Dé, agus gur cuma aon lá amháin leis an Tiarna agus míle bliain agus míle bliain agus aon lá amháin.

Agus sinne Críostaithe ag feitheamh le Dia, ní le Dia anaithnid éigin sin, ach Dia dofheichthe a fhoilsigh é féin agus atá linn i gcónaí go deireadh an tsaoil i gCríost agus san Spiorad Naomh. Ionann feitheamh le Dia dúinn agus feitheamh le comhlíonadh ghealltanas Dé, teacht ríocht Dé, ríocht shíoraí gan teorainn, ríocht na fírinne agus na beatha, ríocht na naofachta agus an ghrásta, ríocht an chirt, an ghrá agus na siochána, mar a chuireann preafáid Fhéile Chríost Rí é.

© Cumann na Sagart 2017