Machnamh ar léachtaí an Aifrinn, 5 Samhain 2017

5 Samhain 2017 (A) An tAonú Domhnach Tríochad Saor

 

Freagra don Chreideamh leis an mBíobla

 

leis an Ath. Máirtín Mac Conmara, MSC

 

A. Léachtaí an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chríostaí

 

B. An Bíobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae: “Óir is é dualgas bheolas an tsagairt é an t-eolas a choimeád go cruinn agus is óna bheolasan a chaithfear teagasc a lorg, mar is é teachtaire Thiarna na Slua é”.

 

A. Léachtaí an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chríostaí

 

Céad Léacht (Malací Fáidh 1:14-2:2, 8-10). Shleamhnaigh sibh ón mbealach, agus le bhur dteagasc bhain sibh tuisle as mórán. Tuigfear an léacht seo níos fearr má dhéantar í a shuíomh tobh istigh dá comhthéacs bunaidh i leabhar Malací. Is í is brí leis an focal Eabhraise Malací ná “mo theachtaire”, agus i gcaibideal 3:1 den leabhar deir Dia: “Féach! Tá mo theachtaire (malachi) á chur amach agam chun an bóthar a réiteeach romham”. D’fhéadfadh sé go dtagann teideal an leabhair seo ón ráiteas seo, agus nach fios dúinn dáiríre ainm údair an tsaothair féin. Nílimid cinnte ach an oiread faoi dháta an tsaothair, ach is dócha gur am éigin le linn an chúigiú haois roimh Chríost é. Dar le scoláirí áirithe ba chóir an leabhar a shuíomh idir chríochnú an Dara Teampaill sa bhliain 515 nuair a thosaíodh athuair le híobairtí sa Teampall agus an cosc ar phóstaí meascha faoi Nihimiá sa bhliain 445 roimh Chríost. Tá sé sliocht sa leabhar, gach ceann díobh cosúil lena chéile ina leagan amach. I ngach ceann díobh sin déanann Dia, nó an fáidh ar a shon, ráiteas, aitheasc, a chuireann an pobal nó na sagairt ina aghaidh. Ina dhiaidh seo tagann aitheasc ina bhfuil bagairt agus gealltanas slánaithe taobh le taobh. Tá dhá phríomhthéama sa leabhar, loiceadh na sagart (1:6-2:9) agus an phobail (3:6-12) ina ndualgais i gcúrsai creidimh.

            Baineann an chéad roinn faoi loiceadh na sagart lena neamhaird faoi íobairtí cuí a ofráil ar altóir Dé (1:8-13). Cáineann an dara sliocht, ina bhfuil léacht an lae inniu, na sagairt toisc go ndeacha siad ar strae ón mbealach, agus gur ócáid tuisle do mhórán iad ina dteagasc agus gur mhill siad conradh Léiví. Ba de threibh Léiví iad na sagairt. Ní luaitear conradh le Léiví in áit ar bith eile sa Bhíobla, agus b’fhéidir gur tagairt atá ann don bheannacht a thug Maois ar Léiví. Ar fáil bháis dó deir an Bíobla gur bheannaigh Maois treibh Léiví mar seo leanas (Deotranaimí 33:9-11): “Chomhlíonadar do bhriathar agus choimeádar do chonradh go daingean. Déanann siad do reachtanna a theagasc do Iacób, agus do dhlí do Iosrael. Seolann siad túis i do láthair, agus an íobairt uileloiscthe ar do altóir. A Thiarna, beannaigh a mhaoin agus glac le saothar a lámh”.

    Fágann léacht an lae inniu na véarsai 2:3 go 7 de théacs an Bhíobla ar lár. In aitheasc seo Dé do na sagairt measaim gur chóir iad a thabhairt anseo. Tar éis bagairt faoi phionós cuí a thabhairt don sagart deir Dia: (2:4) : “Beidh a fhios agaibh ansin gur mise a thug an bhreith seo in bhur n‑aghaidh ionas nach seasfadh an conradh a rinne mé le Léiví níos mó, a deir Tiarna n+a Slua. Conradh beatha agus síochána a rinne mé leis, mar bhronn mé air iad mar aon le croí urramach ionas go dtabharfadh sé urraim dom agus go nglacfadh uamhan agus uafás é roimh m’ainm. Bhíodh fíortheagasc ina bhéal aige agus ní fhaightí bréag ar a bheola; shiúladh sé i mo chuideachta go hionraic cóir agus d’iompaíodh sé mórán daoine ón olc. Óir is é dualgas bheola an tsagairt é an t‑eolas a choimeád go cruinn agus is óna bhéalsan a chaithfear teagasc a lorg, mar is é teachtaire Thiarna na Slua é. Ach i dtaca libhse de, d’imigh sibh ar fán ón mbealach ceart; bhí sibh in bhur gceap tuisle do mhórán daoine de dheasca bhur ndrochtheagaisc, agus chuir sibh ar neamhní an conradh a bhí déanta agamsa le Léiví, a deir Tiarna na Slua.” Bhí dualgais éagsúla ag an sagart in Iosrael. Ceann díobh, mar a luadh cheana i mbeannacht Mhaois ar Léiví, ná reachtanna Dé a theagasc do Iacób, agus a dhlí do Iosrael. Rinne an Tiarna gearán don fháidh Irimia mar seo (Irimia 2:8): “Níor fhiafraigh na sagairt riamh: ‘Cá bhfuil an Tiarna?’ Lucht riartha an dlí ní eol dóibh mé.” Bhí meas ag an bpobal ar na sagairt nuair a bhíodar dílis dá ngairm, ach theip ar an meas sin nuair a chas siad ar leataobh óna ndualgas, mar a bhí cursaí in aimsir an fháidh Malací.

 

 

Salm le Freagra (Salm 139[131]). Coinnigh m’anam faoi shíocháin i do láthair, a Thiarna.

 

Dara Léacht (1 Teasalónaigh 2:7-9, 13). Bhíomar sásta ní hamháin an Dea-Scéal a roinnt oraibh ach ár n-anam féin a roinnt oraibh chomh maith. Ráiteas oscailte, corraitheach é seo ón aspal Pól faoin chur chuige misiúnda a bhí aige i leith na bpobal Críostaí a bhí bunaithe aige, sa chás seo an eaglais in Teasalonicé. (Tá cúpla focal ráite faoina shaothar san eaglais sin sa réamhrá don litir seo sna notaí a tugadh don Naoú Domhnach Fichead Saor.) Mhair imní seo Phóil faoi na heaglaisí a bhunaigh sé ar feadh a shaoil go léir mar aspal. Cúpla bliain i ndiaidh na litreach seo meabhróidh Pól do na Corantaigh (2 Cor 11:28), gan tráct ar na nithe eile, go mbíodh cúram na n‑eaglaisí uile ina mhuirín laethúil air. D’fhéadfadh Gníomhartha na nAspal (17:1-10) tabhairt le tuiscint nár fhan Pól i d Teasalonicé ach achar gearr, ach tugann an litir seo chuig an eaglais sin, a scríobhadh go luath tar éis a chuairt orthu, léargus eile ar an scéal. Ní foláir ná gur fhan sé tamall maith ina gcuideachta sa chéad chuairt sin. Ghnóthaigh sé a shlí mhaireachtála ina measc le saothar a lámh féin, bíodh go raibh de cheart aige mar theachtaire an tSoiscéil cothu a fháil ó phobal na gcreidmheach. An t-aon eaglais ar ghlac sé tacaíocht agus cabhair uathu ná pobal Críostaí Filipí. I dtús na litreach seo chuig na Teasalónaigh meabhraíonn Pól nach stadann sé ach ag gabháil buíochais le Dia mar gheall orthu uile agus ag cuimhneamh orthu gan staonadh ina chuid urnaithe. Cuimhníonn sé i láthair Dé, ár nAthair, ar a bhríomhaireacht atá a gcreideamh, ar a dhícheallaí atá a ngrá agus ar a sheasmhacht atá a ndóchas as an Tiarna Íosa Críost. A bhráithre, deir sé. a bhfuil gnaoi Dé oraibh, tá a fhios agaibh mar a roghnaigh sé sibh; mar ní le briathra béil amháin a tháinig ár ndea‑scéal chugaibh ach le cumhacht+ agus le lándeimhniú an Spioraid Naoimh. Filleann sé ar an smaoineamh céanna i léacht an lae inniu ina dtugann sé chun cuimhne dóibh go bhfuil cúis eile aige le bheith ag gabháil buíochais gan staonadh le Dia: de bhrí, nuair a ghlac siad le briathar Dé a chuala sibh uaidh, nach mar theachtaireacht dhaonna, mar bhriathar daonna, a ghlac siad é ach mar bhriathar Dé, agus sin é go díreach an rud atá ann dáiríre, mar is é Dia atá ag obair iontu siúd a bhfuil an creideamh acu. Is cumhacht bheo é briathar Dé dóibh siúd a bhfuil an creideamh acu. Tá Dia beo don chreidmheach i léamh an Scrioptúir.

 

An Soiscéal (Matha 23:1-12). Ní mar a chéile beart agus briathar acu. Bhí trácht ar n+a scríobhaithe agus na Fairisínigh le linn bheatha phoiblí Íosa ach bhí áit i bhfad níos lárnaí acu tar éis léirscrios Iarúsailéim agus an Teampaill sa bhliain 70, a chuir críoch le feidhmiú na sagartachta (na Sadúisínigh), Ba iad na scríobhaithe agus na Fairisínigh anois ceannairí agus oidí phobal Iosrael. An tagairt do “chathaoir Mhaois” ní fios go beacht cad tá i gceist, cathaoir sa sionagóg, nó bhféidir údarás le múineadh. Déanann Íosa idirdhealú idir a gcuid teagaisc (“a ndeir siad”) agus a gcleachtadh, a n-oibreacha. A dteagasc gur chóir glacadh leis, is é a bheadh ann, i dócha, ná traidisiún lárnach Mhaois, gan na breiseanna a chuir traidisiún na scríobhaithe agus na bhFairisineach leis, breiseanna a cháin Íosa i rith a bheatha poiblí. Anseo aris tá an bhéim ar faoi nach bhfuil an teagasc agus an cleachtadh ag réitach le chéile, rud a cháin Íosa cheana sa Seanmóir ar an Sliabh. Tá cáineadh géar ar an n-iarracht aird a tharraing orthu féin. le súil go bhféachfaí orthu mar dhaoine thar a bheith cráifeach agus dílis thar an ghnáth do chleachtadh creidimh. Na fiolaictéirí a luaitear, ba choimeadáin bheaga iad ina raibh briathra tábhachtacha de Dhlí Mhaois istigh iontu, a bhí le ceangail don ghéag nó don chlár éadain de réir Dhli Mhaois. Bhí na ceithre scóthóga le fuáil ag gach cúinne den bhrat, arís de réir Dhlí Mhaois. Is é a cháineann Íosa ná fad agus leithead a chur leo siúd. Mar mhac dílis de chreideamh a mhuintire chaith Íosa féin scóthoga ina bhrat (Matha 9:20; 14:36).

            Sa mhír dheiridh den léacht tugann Íosa comhairle dá lucht leanúna gan aithris a dhéanamh ar na cleachtaí agus na teidil a bhí éirithe comónta i measc scríobhaithe, Fairisíngh, múinteoiri agus ceannairí Giúdacha ach sin a sheacaint, amhail Rabbi (Máistir), Abba (Athair), Múinteoir, de bhrí go bhféadfadh siad sin tógaint ón tuiscint Chríostaí ar an Aon Athair ar Neamh agus Iosa mar an tAon Mhúinteoir. Aris anseo, molann Íosa an tsimplíocht and an umhlaíocht dá lucht leanúna.

 

B. An Bíobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae: “Óir is é dualgas bheola an tsagairt é an t-eolas a choimeád go cruinn agus is óna bheolasan a chaithfear teagasc a lorg, mar is é teachtaire Thiarna na Slua é” (Malací 2:7). Sagairt agus a ministreacht seanmóireachta . “Is ó bheola an tsagairt a chaithfear teagasc a lorg, mar is é teachtaire Thiarna na Slua é”

 

Tá macalla bhriathra sin Malací 2:7 le braith síos tríd na haoiseanna maidir le príomh-dhualgas easpag agus sagart, is é sin le rá an dualgas an Dea-Scéal a fhógairt. Tá béim curtha air i Riail Thréadach an Phápa Greagóir Mhóir. Uaireanta meastar gurbh é príomh-chúram na sagart ná ceiliúradh an Aifrinn agus Sacraimint an Athmhuintearais. Leagtar béim i doiciméidi Eaglasta na blianta deirneacha seo nach mar sin atá. Deir an Bunreacht Aspalda ar an Eaglais (Lumen Gentium) de chuid na Comhairle Vatacáin II (alt 25) an méid seo: “I measc phríomh-dhualgaisí na hEaspag tá áit thar chuimse ag fógairt an tSoiscéil”. Agus pas beag ina dhiaidh sin (alt 28) luann sé an rud céanna maidir leis na sagairt: “Trí chumhacht shacraimint na nOrd, agus in íomhá Chríost an tArdsagart Siorraí, déantar iad (na sagairt) a choisreacan leis an Soiscéal a fhógairt,  bheith ina n-aoirí ar na fíréin, agus an liotúirge diaga a cheiliúradh”. Tá seo mínithe níos iomláine sa doiciméid den Chomhairle Chéanna ar “Ministreacht na Sagart” (alt 4): “Faigheann pobal Dé a aontacht sa chéad áit trí Bhriathar Dé Bheo, gur dual a chuardach ó bheola an tsagairt (le tagairt do Malací v2:7). De bhrí nach féidir le aoinne bheith sabháilte nár ghlac leis an creideamh ar dtús, tá ag na sagairt, mar comhghleacaithe lena nEaspaig, mar príomh-chúram fógairt shoiscéal Dé do chach. Sa tslí seo comhlíonann siad ordú an Tiarna: “Agus dúirt sé (Íosa) leo: ‘Imígí faoin domhan uile agus fógraígí an soiscéal don chruthaíocht uile’” (Marcas 16:15). Is sa chaoi sin a chuireann  siad (na sagairt) pobal Dé ar bun agus a dhéanann siad é a fhorbairt”.

            Ní héasca an cheist í conas a Dea-Scéal as fhógairt an lá atá inniu ann. Is féidir a bhfuil le rá ag doiciméidí na Comhairle a thógaint maraon lena dúirt Céad Litir Pheadair (3:15-16) leis na creidmhigh sa chéad aois den ré seo: “Bígí réidh i gcónaí le cosaint a dhéanamh in aghaidh aon duine a iarrann oraibh bonn a thabhairt leis an dóchas atá ionaibh; ach déanaigí amhlaidh le cneastacht agus le hurraim, agus le coinsias glan, i dtreo, nuair a dhéantar tromaíocht oraibh go gcuirtear náire ar an muintir a dhéanann béadán ar bhur ndea‑iompar i gCríost”. Ní mór teachtairescht an tSoiscéil a fhógaiirt i gcomhthéacs na bhfadhbanna agus an amhrais a bhíonn ag creidmhigh ár linne maidir le cúrsaí creidimh agus moráltachta, leis an creideamh a neartú ina gcroíthe féin agus le go mbeidis réidh, más gá, freagra a thabhairt ar na hagóidí a dhéantar ina choinne. Caithfidh na hiarrachtaí seo díriú orthu siúd a thagann ar Aifreann go rialta, agus súil a choimeád sa mhéid is féidir orthu siúd nach dtagann ar Aifreann go rialta a thuilleadh. Tá sé tábhachtach chomh maith míniú a thabhairt ar phríomh-phrionsabail an chreidimh, seachas a míniú a theoranú do reinnt ábhar faoi leith. Bheadh sé inmholta an míniú seo ar an gcreideamh a dhéanamh le ceangal leis na léachtaí liotúirgeacha. Faigheann a lán sagart deacair seo a dhéanamh, ach mar sin féin is inmholta an ceangal a dhéanamh le téacsanna an Bhíobla sna léachtaí sa liotúirge le go dtuigfadh an creidmhigh agus daoine eile nach cumadóireacht dá cuid fein teagasc na hEaglaise, ach gur dílseacht do theagasc Chríost agus na luatheaglaise é.

© Cumann na Sagart 2017