Léachtaí an Aifrinn, 31 Eanáir 2016 | Cumann na Sagart

AN CHÉAD LÉACHT:         Ir. 1:4-5, 17-19
d’Ordaigh mé thú i d’fháidh do na ciníocha.

Tháinig briathar an Tiarna chugam, á rá:
“Sular chum mé thú sa bhroinn bhí aithne agam ort;
sular rugadh thú choisric mé thú;
d’ordaigh mé thú i d’fháidh do na ciníocha.”
Tusa, crioslaigh thú féin mar sin chun comhraic.
Éirigh agus abair leo gach a n-ordaímse duit.
Ná bíodh eagla ort ina bhfianaise,
ar fhaitíos go gcuirfinnse eagla ort ina bhfianaise.
I dtaca liomsa de, déanfaidh mise díot inniu
cathair dhaingean, cuaille iarainn, agus balla práis
in aghaidh na tíre seo go hiomlán,
in aghaidh ríthe Iúdá, in aghaidh a prionsaí,
a sagart agus mhuintir na tíre.
Troidfidh siad i d’aghaidh, ach ní bhéarfaidh siad bua ort,
óir táimse leat agus tusa faoi mo choimirce –
is é an Tiarna a labhraíonn.”

SALM LE FREAGRA.          Sm 70
Freagra                                   Fógróidh mo bhéal d’fhíréantacht.

I. Is tusa, a Dhia, mo choimirce:
nár náirítear mé go deo.
De réir d’fhíréantachta fuascail mé is saor mé,
claon chugam do chluas is tarrthaigh mé.        
Freagra  

2. Bí i do charraig dhídine dom,
i do dhún daingean do mo tharrtháil:
óir is tú mo charraig is mo dhún.
Fuadaigh mé as láimh an urchóidigh.               
Freagra

3. Óir is leatsa atáim ag feitheamh, a Thiarna;
a Thiarna, is tú mo dhóchas ó m’óige.
Is ortsa atá mo sheasamh ó rugadh mé;
ó bhroinn mo mháthar ba tú mo dhídean.      
Freagra

4. Fógróidh mo bhéal d’fhíréantacht.
agus do chúntaí lá i ndiaidh lae.
Ó m’óige thug tú teagasc dom, a Dhia,
is tá do mhíorúiltí a bhfoilsiú agam i gcónaí. 
Freagra

DARA LÉACHT:                    1 Cor. 12:31-13:13
Tá trí nithe ann atá buan, más ea, creideamh dóchas agus grá, ach is é an grá an ní is mó orthusan.

Is ar na tíolacthaí is tábhachtaí ba cheart tóir a bheith agaibh agus táimse chun ríbhealach a thaispeáint daoibh. Má labhraím i dteangacha daoine agus aingeal ach gan aon ghrá a bheith agam, níl ionam ach mar a bheadh prás ag fuaimneach nó ciombail ag clingeadh. Má tá bua fáidheoireachta agam, eolas ar gach rúndiamhair agus fios gach ní agam agus oiread lánchreidimh agam agus a d’aistreodh na sléibhte ach gan aon ghrá a bheith agam, is neamhní mé. Má roinnim amach mo mhaoin shaolta go léir, agus má thugaim suas mo chorp le dó ach gan aon ghrá a bheith agam, ní aon tairbhe dom é. Bíonn an grá foighneach agus bíonn sé lách; ní bhíonn éad air; ní dhéanann sé maíomh ná mórtas; ní bhíonn sé mímhúinte ná leithleasach, míchéadfach ná agrach. Ní áil leis an éagóir ach is aoibhinn leis an mhaith. Bíonn sé lán d’fhadfhulaingt, lán de chreideamh, lán de dhóchas agus lán d’fhoighne. Rachaidh an fháidheoireacht ar ceal, rachaidh na teangacha dá dtost, agus rachaidh an t-eolas ar neamhní, ach ní rachaidh an grá i léig go deo. Mar tá ár gcuid eolais easnamhach agus tá ár bhfáidheoireacht easnamhach; agus nuair a thiocfaidh ann an rud foirfe, rachaidh an rud easnamhach ar neamhní.

Fad a bhí mé i mo leanbh, bhí caint agus meon agus réasún an linbh agam, ach ar m’éirí suas i m’fhear dom, d’fhág mé bealaí an linbh i mo dhiaidh. Faoi láthair ní fheicimid ach mar a bheadh scáil go doiléir i scáthán ach ar ball gheobhaimid radharc aghaidh ar aghaidh air. Níl ach breaceolas agam faoi láthair ach beidh eolas iomlán agam ar ball, chomh hiomlán leis an eolas atá orm.

Tá trí nithe ann atá buan, más ea, creideamh dóchas agus grá, ach is é an grá an ní is mó orthusan.

Alleluia Véarsa   Eo 14: 6

Alleluia, alleluia!
“Is mise an tslí, an fhírinne agus an bheatha.
Ní thagann aon duine go dtí an tAthair ach tríomsa.
Alleluia!

AN SOISCÉAL:                    Lúc.  4:21-30
Ní cuig na Giúdaigh amha,in a cuireadh Iosa ach oiread le hEilias agus Elisea.

Agus thosaigh sé ag rá leo: “Inniu atá an scríbhinn seo comhlíonta i gclos bhur gcluas.” Agus thug cách fianaise air, b’ionadh leo na briathra grástúla a bhí ag teacht as a bhéal, agus deiridís: “Nach é mac Iósaef é seo?” Agus dúirt sé leo: “Gan amhras, tagróidh sibh liom an seanfhocal: ‘A lia, leighis tú féin. Na nithe a chualamar déanta i gCafarnáum, déan anseo iad freisin i do dhúiche féin.’” Ach dúirt sé: “Deirim libh go fírinneach, fáidh ar bith ní ghlactar ina dhúiche féin. Ach go deimhin deirim libh, bhí mórán baintreach in Iosrael i laethanta Éilias, nuair a bhí an spéir dúnta ar feadh trí mblian agus sé mhí, ionas go raibh gorta mór sa tír go léir, agus ní chun aon duine acu a cuireadh Éilias ach chun mná baintrí i Saireipte i dtír na Síodóine. Agus bhí mórán lobhar in Iosrael le linn Eilíseá fáidh, ach aon duine acu sin níor glanadh ach Námán an Suíreach.” Agus a raibh sa tsionagóg, nuair a chuala siad an méid sin, líon siad d’fheirg, agus d’éirigh siad agus thiomáin amach as an gcathair é agus sheol é go dtí mala an chnoic ar a raibh a gcathair tógtha chun é a chaitheamh le faill. Ach ghabh sé trína lár agus d’imigh leis

© Cumann na Sagart 2017