Léachtaí an Aifrinn, 28 Meitheamh 2015 | Cumann na Sagart

AN CHÉAD LÉACHT          hEagna 1:13-15; 2:23-24

Trí éad an diabháill tháinig an bás isteach sa saol.

Mar níorbh é Dia a rinne an bás,
ná ní ábhar áthais dó bascadh na mbeo.
Is amhlaidh a chruthaigh sé gach rud
chun go mairfeadh sé go deo.
Is folláin iad dúile an domhain;
níl aon nimh mharfach iontu,
ná níl aon tiarnas ag ifreann ar talamh.
Is neamhbhásmhar í an fhíréantacht.
Ach chruthaigh Dia an duine
chun nach bhfaigheadh sé bás go deo.
Ar dheilbh a nádúir féin a rinne sé é.
Trí éad an diabhail tháinig an bás isteach sa saol
agus is iad na daoine atá i bpairt leis-sean a bhlaisfidh é.

SALM LE FREAGRA.          Sm 29
Freagra :                                Molfaidh mé thú, a Thiarna, de bhrí gur shaor tú mé.

1. Molfaidh mé thú, a Thiarna, de bhrí gur shaor tú mé.
is nár thug tú do mo naimhde gairdeas a dhéanamh umam.
A Thiarna, threoraigh tú m’anam amach as ifreann,
is dhealaigh tú mé ón dream a théann síos san uaimh. 
 Freagra

2. A naomha, abraigí danta molta don Tiarna
is tugaigí buíochas dá ainm naofa.
Óir ní mhaireann a fhearg ach nóiméad,
ach maireann a chineáltas ó aois go bás.
Tig an gol um thráthnóna,
is an gáire arís ar maidin.                                                   
Freagra

3. Éist liom, a Thiarna, is déan trócaire orm;
a Thiarna, bí mar chabhair dom.
Rinne tú rince de m’olagón;
a Thiarna, mo Dhia, molfaidh mé thú go brách.              
Freagra

AN DARA LÉACHT             2 Coirintigh 8:7. 9. 13-15
An fuileach atá anois agaibhse, coinneoidh sé riar a gcáis leis bráithre bochta.


A
 bhráithre, Agus ós rud é go bhfuil flúirse den uile shórt agaibh, flúirse den chreideamh, den líofacht, den eolas, den uile dhíograis agus den ghrá a d’fhoghlaim sibh uainne, bígí flaithiúil sa charthanacht seo chomh maith. Tá a fhios agaibh go maith an chomaoin a chuir ár dTiarna Íosa Críost oraibh: siúd is go raibh sé saibhir rinne sé bochtán de féin ar mhaithe libhse, d’fhonn is go ndéanfaí daoine saibhre díbh trína bhochtaineachtsan. mar ní gá daoibh sibh féin a chreachadh ag fóirithint ar dhaoine eile. Níl ann ach ceist cothroime: an fuílleach atá agaibhse i láthair na huaire, coinneoidh sé riar a gcáis leo siúd: agus an fuílleach a bheidh acu sin coinneoidh sé riar bhur gcáis libhse ar ball, agus sa tslí sin beidh cothrom ann de réir mar atá scríofa: “An té a chnuasaigh mórán, ní raibh an iomarca aige, agus an té a chnuasaigh beagán, ní raibh easnamh air.”

 Alleluia Véarsa                   Eo 6: 63

Alleluia, alleluia!
Na focail atá ráite agat, a Thiarna, is spiorad agus is beatha iad.
Is agatsa atá briathra na beatha síoraí
Alleluia!

AN SOISCÉAL                      Marcas 5:21-43
A chailín bhig, deirim leat, éirigh!

San am sin atheacht trasna do Íosa sa bhád go dtí an taobh eile, bhailigh slua mór ina thimpeall, agus bhí sé le hais na farraige. Tháinig duine de chinn urra na sionagóige, arbh ainm dó Iáras, agus ar a fheiceáil dó, chaith sé é féin ag a chosa agus rinne achainí go crua air ag rá: “Tá m’iníon bheag ar phointe an bháis. Tar agus cuir do lámha uirthi chun go mbeadh sí slán agus go mairfeadh.” D’imigh sé lena chois agus bhí slua mór á leanúint agus bhí siad ag plódú air.

Agus bean a raibh rith fola uirthi ar feadh dhá bhliain déag, agus a bhí tar éis mórán a fhulaingt óna lán lianna agus a raibh aici a chaitheamh, agus nárbh fhearrde í é, ach gur mhó a bhí sí ag dul in olcas, nuair a chuala sí scéala mar gheall ar Íosa, tháinig sí taobh thiar de sa slua agus bhain sí lena bhrat; mar dúirt sí: “Má bhainim lena chuid éadaigh fiú amháin, beidh mé slán.” Agus stad an doirteadh fola aici láithreach, agus mhothaigh sí ina corp go raibh sí leigheasta óna gearán. Ach d’airigh Íosa ann féin go ndeachaigh brí amach uaidh, chas sé timpeall láithreach sa slua agus dúirt: “Cé bhain le mo chuid eádaigh?” Dúirt a dheisceabail leis: “Feiceann tú an slua ag plódú ort, agus deir tú ‘Cé bhain liom?’” Agus dhearc sé ina thimpeall féachaint cé rinne é. Ach ó thuig an bhean cad a bhí déanta inti, tháinig sí go critheaglach agus chaith í féin síos roimhe agus d’inis an fhírinne go léir dó. Dúirt sé léi: “A iníon, do chreideamh a shlánaigh thú. Imigh leat faoi shíocháin, agus bí slán ó do ghearán.”

Le linn dó bheith ag caint tháinig daoine ó theach cheann urra na sionagóige ag rá: “Tá d’iníon tar éis bháis; cén fáth a mbeifeá ag cur as don Mháistir níos mó?” Ba chlos d’Íosa an comhrá agus dúirt le ceann urra na sionagóige: “Ná bíodh eagla ort; ach amháin creid.”
Agus ní ligfeadh sé do dhuine ar bith dul leis ach Peadar agus Séamas agus Eoin deartháir Shéamais. Ar theacht dóibh go dtí teach cheann urra na sionagóige, chonaic sé an callán agus na daoine ag gol agus ag olagón go hard. Agus ar dhul isteach dó dúirt sé leo: “Cén fáth a bhfuil sibh ag déanamh calláin agus ag gol? Ní marbh atá an leanbh ach ina codladh.” Agus bhí siad ag fonóid faoi. Ach chuir sé amach iad uile, agus rug sé leis athair agus máthair an linbh agus iad seo a bhí leis, agus chuaigh isteach mar a raibh an leanbh ina luí. Agus rug sé greim láimhe uirthi agus dúirt léi: “Talitá cúm” – focal a chiallaíonn: “A chailín bhig, deirim leat, éirigh!” D’éirigh an cailín agus shiúil sí thart, mar bhí sí dhá bhliain déag. Agus bhí ionadh agus alltacht orthu. Ach chuir sé mar acht orthu go crua gan a fhios seo a bheith ag aon duine, agus dúirt rud le hithe a thabhairt di.

 

© Cumann na Sagart 2017