Léachtaí an Aifrinn, 24 Iúil 2016 | Cumann na Sagart

AN CHÉAD LÉACHT           Geineasas 18:20-32
“Ná bíodh an Tiarna i bhfearg liom, agus labhróidh mé arís.”

Ansin dúirt an Tiarna: “Nach ard é an liú atá in aghaidh Shodom agus Ghomorá agus nach mór é a bpeaca agus nach trom! Rachaidh mé síos féachaint an ndearnadar de réir an liú a tháinig chugam ina n-aghaidh; agus mura ndearnadar, beidh a fhios agam.”

D’imigh na fir leo i dtreo Shodom, ach d’fhan Abrahám ina sheasamh i láthair an Tiarna. Dhruid sé níos giorra dó agus dúirt: “An scriosfaidh tú dáiríre an fíréan mar aon leis an gciontach? Abair go bhfuil leathchéad fíréan sa chathair, an scriosfaidh tú í mar sin agus gan í a chaomhnú ar son an leathchéad fíréan atá inti? Go mba fhada uait a leithéid a dhéanamh, an fíréan a chur chun báis mar aon leis an gciontach; d’fhágfadh sin an íde chéanna á tabhairt ar an bhfíréan agus ar an gciontach! I bhfad uait a leithéid! An amhlaidh nach ndéanfaidh breitheamh an domhain uile an ceart?” D’fhreagair an Tiarna: “Má fhaighim leathchéad fíréan i Sodom; sa chathair ansin déanfaidh mé an áit go léir a chaomhnú ar a son.”

“Seo mé,” arsa Abrahám á fhreagairt, “agus é de dhánaíocht ionam labhairt mar seo le mo Thiarna, agus gan ionam ach cré agus luaithreach. Abair go bhfuil cúigear in easnamh ar an leathchéad, an scriosfaidh tú an chathair go léir de dheasca cúigir?” “Ní dhéanfaidh mé,” ar sé, “ní scriosfaidh mé má fhaighim cúigear is daichead inti.” Agus labhair sé leis arís: “Abair,” ar sé, “gur daichead a gheofar inti.” “Ní dhéanfaidh mé,” ar seisean, “ar son daichead.”

“Ná bíodh an Tiarna i bhfearg liom,” ar sé ansin, “agus labhróidh mé arís. Abair gur tríocha a gheofar inti.” D’fhreagair seisean: “Ní dhéanfaidh mé, má fhaighim tríocha ann.” “Tá sé de dhánaíocht ionam,” arsa Abrahám ansin, “labhairt leis an Tiarna. Abair gur fiche a gheofar inti.” “Ní scriosfaidh mé í, ar son fichead.” Ansin dúirt sé: “Ná bíodh an Tiarna i bhfearg liom agus labhróidh mé aon uair amháin eile. Abair gur deichniúr a gheofar ann.” D’fhreagair sé: “Ní scriosfaidh mé í, ar son deichniúir.”

SALM LE FREAGRA.           Sm 137
Freagra:                                   Nuair a ghlaoigh mé ort d’éist tú liom, a Thiarna.

I. Gabhaim buíochas leat, a Thiarna, ó mo chroí go hiomlán
mar gur éist tú le briathra mo bhéil.
I bhfianaise na n-aingeal móraim thú;
sléachtaim i dtreo do theampaill naofa.                                 
Freagra

2. Gabhaim buíochas leat as ucht do mhaitheasa is do dhílse;
mar gur mó fós do gheallúint ná do chlú;
nuair a ghlaoigh mé ort d’éist tú liom
agus thug tú neart breise do m’anam.                                   
Freagra

3. Dá airde é, is cúram dó an t-íseal;
ach breathnaíonn sé an t-uaibhreach i bhfad uaidh.
Bíodh go siúlaim i lár na trioblóide,
coinníonn tú beo mé in aghaidh fhraoch m’eascairde.         
Freagra

4. Leathann tú do lámh in aghaidh fhearg mo naimhde,
tarrthaíonn do dheaslámh me.
A Thiarna, maireann do mhaitheas go síoraí;
na tréig obair do lámh.                                                            
Freagra

AN DARA LÉACHT :            Colosaigh 2:12-14
d’Athbheoigh [Dia] sibh i bpáirt le Críost; mhaith sé dúinn ár gcionta uile.

A bhráithre, comhadhlacadh sibh in éineacht le Críost sa bhaisteadh agus chomhéirigh sibh ó mhairbh in éineacht leis chomh maith as ucht an chreidimh a bhí agaibh i gcumhacht Dé a thóg ó mhairbh é. Bhí sibh marbh de dheasca bhur gcionta agus de cheal timpeall ghearradh na colainne; ach d’athbheoigh [Dia] sibh i bpáirt le Críost; mhaith sé dúinn ár gcionta uile, agus an banna scríofa úd a bhí inár gcoinne lena chuid forálacha chuir sé ar ceal é agus ghlan as an tslí é á thairneáil ar an gcrois.

Alleluia Véarsa                   Eo 1: 14. 12           
Alleluia, alleluia!
Rinneadh feoil den Bhriathar
agus chónaigh sé inár measc,an uile dhuine a ghlac é,
thug sé de cheart dóibh
go ndéanfaí clann Dé díobh
Alleluia!

AN SOISCÉAL:                     Lúcás 11:1-13
iarraigí, agus tabharfar daoibh.

Aon lá amháin agus é in áit áirithe ag guí, nuair a stad sé, dúirt duine dá  dheisceabail leis: “A Thiarna, múin dúinne guí, amhail mar a mhúin Eoin dá dheisceabail.” Dúirt sé leo: “Nuair a ghuíonn sibh, abraigí:

A Athair, go naofar d’ainm;
go dtaga do ríocht;
ár n-arán laethúil tabhair dúinn gach lá;
agus maith dúinn ár bpeacaí,
óir maithimid féin do chách a bhíonn i bhfiacha againn;
agus ná lig sinn igcathú.”

Agus dúirt sé leo: “Má bhíonn duine agaibh agus cara aige, agus go rachaidh sé chuige i lár na hoíche á rá leis: ‘A chara, tabhair trí builíní ar iasacht dom, óir tá cara liom tagtha chun mo thí as a bhóthar agus níl dada agam a chuirfinn os a chomhair’; agus go ndéarfaidh an fear istigh á fhreagairt: ‘Ná bí do mo bhuaireamh, óir tá an doras dúnta anois agus mo chlann is mé féin sa leaba, ní féidir liom éirí chun iad a thabhairt duit’; – deirim libh, ach mura n-éirí sé agus iad a thabhairt dó de chionn gur cara dó é, mar sin féin, de chionn a mhínáirí atá sé, éireoidh agus tabharfaidh dó oiread is a bhíonn de dhíth air.

Agus deirim libh, iarraigí, agus tabharfar daoibh; lorgaigí, agus gheobhaidh sibh; buailigí, agus osclófar daoibh. Óir gach aon duine a iarrann, glacann, agus an té a lorgann, faigheann, agus an té a bhuaileann, osclófar dó. Cé hé an t-athair in bhur measc go n-iarrfaidh a mhac arán air, agus ar cloch a shínfidh sé chuige? Nó más iasc a iarrann, an nathair nimhe a shínfidh sé chuige in ionad éisc? Nó fós má iarrann ubh, an sínfidh sé scairp chuige? Dá bhrí sin, más eol daoibhse atá go holc nithe maithe a thabhairt do bhur gclann, nach móide go dtabharfaidh an tAthair ó neamh an Spiorad Naomh dóibh seo a iarrann air é?”

© Cumann na Sagart 2017