Léachtaí an Aifrinn, 18 Meán Fómhair 2016 | Cumann na Sagart

AN CHÉAD LÉACHT:         Amos 8:4-7
Ina n-aghaidh siúd a dhéanann an bochtán a cheannach le hairgead.

Éistigí leis seo,
sibhse a shatlaíonn ar na hainniseoirí
chun bochtáin na tíre a dhíothú.
Sibhse a deir: Cathain a chuirfear deireadh leis an ré nua,
ionas go ndíolfaimid arbhar,
agus leis an tsabóid,
ionas go gcuirfimid ár gcruithneacht ar an margadh,
agus go ndéanfaimid an t-éafá beag agus an seicil mór
trí chaimiléireacht a dhéanamh ar na scálaí,
go dtig linn an bochtán a cheannach le hairgead
agus an t-ainniseoir le péire cuarán,
agus go dtig linn fiú barraíl na cruithneachta a dhíol?
Mhionnaigh an Tiarna dar mórtas Iacóib.
Go deimhin, ní dhearmadfaidh mé choíche
aon rud dá bhfuil déanta acu.

SALM LE FREAGRA.           Sm 112 
Freagra :                                  Molaigí an Tiarna a ardaíonn an duine dealbh.
Malairt Freagra:                  Alleluia!

1. Alleluia!
Tugaigí moladh, a lucht freastail an Tiarna,
molaigí ainm an Tiarna.
Moladh le hainm an Tiarna
i láthair na huaire agus choíche.                     
Freagra

2. Tá an Tiarna os cionn na gciníocha,
agus a ghradam os cionn na bhflaitheas.
Cé is cosúil leis an Tiarna, ár nDia
atá ina shuí ar a ríchathaoir in airde
a chlaonann ó na harda anuas
chun féachaint ar neamh is ar talamh?       
Freagra

3. Tógann sé an t-íseal aníos as an deannach,
ardaíonn den charn aoiligh an duine dealbh
a chur ina shui i bhfochair a phrionsaí
ar aon chéim le prionsaí a phobail.             
Freagra

AN DARA LÉACHT:                   1 Timóteas 2:1-8
Ba  cheart go ndéanfaí urnaithe ar son an uiledhuine chun Dé arb áil leis go slánóai an uile dhuine.

Impím ort sa chéad áit go ndéanfaí urnaithe agus achainíocha agus iarratais agus altú ar son an uile dhuine, agus go háirithe ar son ríthe agus an lucht ceannais uile, le súil go bhféadfaimis ár saol a thabhairt go diaganta cráifeach faoi shuaimhneas agus faoi shíocháin. Is maith agus is taitneamhach sin le Dia ár slánaitheoir. Is áil leis go slánófaí an uile dhuine agus go gcuirfidís eolas ar an bhfírinne. Mar níl ann ach aon Dia amháin, agus níl ann ach an t-aon idirghabhálaí amháin idir Dia agus an cine daonna, mar atá an duine Críost Íosa a thug suas é féin in éiric orthu uile; sin í an fhianaise a tugadh ina mhithidí féin; ní bréag atáim a rá ach an fhírinne lom – ceapadh mise i mo bholscaire agus i m’aspal aige chun an creideamh agus an fhírinne a mhúineadh do na gintlithe.

Ba mhaith liom, dá bhrí sin, go mbeadh na fir ag guí gach uile áit agus a lámha tógtha acu go hómósach, gan fearg ná aighneas.

Alleluia Véarsa                          Gniom 16: 14                                                                                      

Alleluia, alleluia!
Oscail ár gcroí,A Thiarna,
Cun aird a thabhairt ar bhriathra do Mhic
Alleluia!

AN SOISCÉAL :                    Lúcás 16:1-13
Ní féidir libh Dia a riaradh agus an t-airgead.

Dúirt sé lena dheisceabail : “Bhí fear saibhir ann a raibh maor aige, agus gearánadh é seo leis go raibh sé ag scaipeadh a mhaoine. Chuir sé fios air agus dúirt leis: ‘Cad é seo a chluinim mar gheall ort? Tabhair cuntas uait i do mhaoirseacht, óir ní féidir thú a bheith i do mhaor feasta.’ Ansin dúirt an maor ina aigne: ‘Cad a dhéanfaidh mé, óir tá mo mháistir ag baint na maoirseachta díom? Níl neart ionam chun rómhair, ba nár liom dul le déirc. Tá a fhios agam cad a dhéanfaidh mé, ionas, nuair a bheidh mé briste as an maoirseacht, go nglacfaidh siad isteach ina dtithe mé.’

Ghlaoigh sé chuige gach aon duine dá raibh i bhfiacha ag a mháistir, agus dúirt leis an gcéad duine: ‘Cé mhéad atá ag mo mháistir ort?’ Dúirt seisean: ‘Tá céad bairille ola.’ Dúirt sé leis: ‘Tóg do bhille, suigh síos, agus scríobh go tapa caoga.’ Ansin dúirt sé le duine eile: ‘Cé mhéad atá amuigh ortsa?’ Dúirt seisean: ‘Tá céad ceathrú arbhair.’ Dúirt sé leis: ‘Tóg do bhille agus scríobh ochtó.’

Agus mhol an máistir an maor mímhacánta mar go ndearna sé go géarchúiseach é; óir bíonn clann an tsaoil seo níos géarchúisí lena leithéidí féin ná clann an tsolais. Agus deirim féin libh, déanaigí cairde daoibh féin leis an airgead mímhacánta, ionas, nuair a chlisfidh sé, go nglacfaidh siad isteach sibh sna bothanna síoraí. An té a bhíonn iontaofa faoin mbeagán, bíonn sé iontaofa faoin mórán freisin; agus an té a bhíonn mímhacánta faoin mbeagán, bíonn sé mímhacánta faoin mórán freisin. Dá bhrí sin, mura raibh sibh iontaofa faoin airgead mímhacánta, cé a thaobhóidh libh an saibhreas fírinneach? Agus mura raibh sibh iontaofa faoin rud a bhí ar iasacht agaibh, cé thabharfaidh daoibh an rud is libh de sheilbh dhílis?

Ní féidir le sclábha ar bith dhá mháistir a riaradh, óir beidh fuath aige do dhuine acu agus grá aige don duine eile, nó beidh sé ag déanamh dúthrachta do dhuine acu agus ag déanamh neamhshuim den duine eile. Ní féidir libh Dia a riaradh agus an t-airgead.”

___________________________________________

SOISCÉAL  (Gearr)                    Lúcás 16:1-13
Ní féidir libh Dia a riaradh agus an t-airgead.

Dúirt Iosa lena dheisceabail, “An té a bhíonn iontaofa faoin mbeagán, bíonn sé iontaofa faoin mórán freisin; agus an té a bhíonn mímhacánta faoin mbeagán, bíonn sé mímhacánta faoin mórán freisin. Dá bhrí sin, mura raibh sibh iontaofa faoin airgead mímhacánta, cé a thaobhóidh libh an saibhreas fírinneach? Agus mura raibh sibh iontaofa faoin rud a bhí ar iasacht agaibh, cé thabharfaidh daoibh an rud is libh de sheilbh dhílis?

‘Ní féidir le sclábha ar bith dhá mháistir a riaradh, óir beidh fuath aige do dhuine acu agus grá aige don duine eile, nó beidh sé ag déanamh dúthrachta do dhuine acu agus ag déanamh neamhshuim den duine eile. Ní féidir libh Dia a riaradh agus an t-airgead.’

© Cumann na Sagart 2017