Léachtaí an Aifrinn 12 Meitheamh 2016 | Cumann na Sagart

AN CHÉAD LÉACHT:         2Samuél 12:7-10.13
Tugann an Tiarna, maithiúnas duit i do pheaca; ní chuirfear chun báis thú.

D
úirt Nátán le Dáiví: “ Seo mar a deir an Tiarna Dia Iosrael: ‘D’ungaigh mé thú i do rí ar Iosrael, agus d’fhuascail mé thú as láimh Shóil. Thug mé teach do mháistir duit agus mná do mháistir i d’ucht duit; thug mé teaghlach Iosrael duit agus teaghlach Iúdá, agus dá mba nár leor sin, thabharfainn oiread eile duit. Cad ab áil leat ag maslú bhriathar an Tiarna, agus ag déanamh an ní is gráin leis? Threascair tú Úiríá an Hiteach leis an gclaíomh agus thóg tú a bhean chugat mar chéile agus chuir tú chun báis é le claíomh na nAmónach. Ar an ábhar sin ní bheidh an claíomh go brách i bhfad ó do theaghlach, ó léirigh tú go bhfuil drochmheas agat ormsa agus ó ghlac tú bean chéile Úiríá an Hiteach mar bhean chéile agat féin.’ Dúirt Dáiví le Nátán: “Pheacaigh mé in aghaidh an Tiarna.”

Ansin dúirt Nátán le Dáiví: “Chomh fada agus a bhaineann leis an Tiarna, tugann sé maithiúnas duit i do pheaca; ní chuirfear chun báis thú.

SALM LE FREAGRA.          Sm 31
Freagra :                                 Maith dom mo pheaca, a Thiarna.

1. Is beannaithe dár maitheadh a choir,
dár folaíodh a pheaca:
an té nach gcuireann an Tiarna
cion ina leith,
is nach bhfuil cealg ina chroí.                          
 Freagra

2. Ach d’admhaigh mé mo pheaca duit cheana
is níor cheil mé m’urchóid.
Dúirt mé: ‘Admhóidh mé anois
mo choir don Tiarna.’
Agus thug tú maithiúnas dom, a Thiarna,
mhaith tú mo pheaca.                                       
Freagra

3. Is tú m’áit folaigh, a Thiarna,
do m’fhuascailt ón anacair.
Cuireann tú gártha tarrthála i mo thimpeall. 
Freagra

4. Déanaigí lúcháir agus gairdeas sa Tiarna,
a fhíréana go léir!
Déanaigí aoibhneas agus áthas,
a lucht an chroí dhírigh.                                     
Freagra

AN DARA LÉACHT:          Galataigh 2: 16. 19-21
Ní mise a mhaireann beo feasta ach Críost a mhaireann ionam.

A bráithre, tá a fhios againn ar a shon sin nach ó chomhlíonadh an dlí a fhíréanaítear duine ach trí chreideamh in Íosa Críost, agus dá réir sin chuireamar féin ár gcreideamh in Íosa Críost ionas go bhfíréanófaí sinn de bharr ár gcreidimh ann seachas de bharr an dlí a chomhlíonadh, mar “ní fhíréanófar neach ar bith de bharr comhlíonadh an dlí”. Mar is tríd an dlí a fuair mise bás i leith an dlí chun go mairfinn beo i leith Dé; céasadh ar an gcrois mé in éineacht le Críost agus ní mise a mhaireann beo feasta ach Críost a mhaireann ionam. An saol a chaithim sa cholainn anois, caithim é faoi luí an chreidimh atá agam i Mac Dé a thug suas é féin ar mo shon le neart grá dom. Níl grásta Dé agam á chaitheamh uaim, óir más ón dlí a thagann fíréantacht, fuair Críost bás in aisce.

Alleluia Véarsa                   Eo 14:5   

Alleluia, alleluia!
‘Is mise an tSlí, an Fhírinne agus an Bheatha,’ a deir an Tiama:
‘Ní thagann aon duine go dtí an tAthair ach tríomsa.’
Alleluia!

AN SOISCÉAL:                    Lúcás 7: 36-8:3
Sin é an fáth a bhfuil a peacaí – a mórchuid peacaí – maite di; is léir sin ó mhéid a grá.

San am sin,thug duine de na Fairisínigh cuireadh dó chun proinne aige féin; agus ar dhul isteach dó i dteach an Fhairisínigh, chuaigh ina luí ag bord. Agus peacach mná a bhí sa chathair, nuair a fuair sí scéala é bheith ag bord i dteach an Fhairisínigh, thug sí léi próicín alabastair d’ola chumhra, agus ar bheith di ar gcúl ag a chosa agus í ag gol, thosaigh ag fliuchadh a chos lena deora, agus bhí á dtriomú le folt a cinn, agus í ag pógadh a chos agus á n-ungadh leis an ola chumhra.

An Fairisíneach a thug an cuireadh dó, ar a fheiceáil sin dó, dúirt ina aigne: “Dá mba fáidh an duine seo, bheadh a fhios aige cé hí, agus cén sort í, an bhean seo atá ag baint leis, gur peacach í.” Dúirt Íosa leis á fhreagairt: “A Shíomóin, tá rud agam le rá leat.” “A Mháistir,” ar seisean, “abair.” Dúirt: “Bhí beirt i bhfiacha ag éilitheoir áirithe: bhí cúig céad déanar amuigh ar dhuine acu, agus caoga ar an duine eile. Nuair nach raibh an t-íoc acu, mhaith sé dóibh araon. Cé acu, mar sin, is mó grá dó?” D’fhreagair Síomón agus dúirt: “An té, mo bharúil, is mó dár mhaith.” Dúirt sé leis: “Thug tú an bhreith cheart.”

Agus ag iompú chun na mná, dúirt sé le Síomón: “An bhfeiceann tú an bhean seo? Tháinig mé isteach i do theach; níor thug tú uisce chugam do mo chosa; ach do fhliuch sí seo mo chosa lena deora agus thriomaigh lena gruaig iad. Níor thug tú dom póg; ach í seo, ó tháinig mé isteach, níor stad sí ach ag pógadh mo chos. Níor ung tú mo cheann le hola; ach d’ung sí seo mo chosa le hola chumhra. Sin é an fáth, deirim leat, a bhfuil a peacaí – a mórchuid peacaí – maite di; is léir sin ó mhéid a grá. Ach an té dá maítear an beagán, ní ghránn ach beagán.” Agus dúirt sé léi: “Tá do pheacaí maite.” Agus iad seo a bhí ag bord leis, thosaigh siad ag rá ina n-aigne: “Cé hé seo a dhéanann fiú amháin peacaí a mhaitheamh?” Ach dúirt sé leis an mbean: “Shlánaigh do chreideamh tú. Imigh faoi shíocháin.”

Ach dúirt sé leis an mbean: “Shlánaigh do chreideamh tú. Imigh faoi shíocháin.” Tharla ina dhiaidh sin gur thaistil sé cathracha agus bailte ag seanmóir agus ag fógairt dea-scéal ríocht Dé, agus an dáréag á thionlacan chomh maith le mná áirithe a bhí leigheasta ó dhrochspioraid agus ó éagruais: Máire ar a nglaotar an Mhaigdiléanach – a raibh seacht ndeamhain imithe aisti – agus Ióanna bean Chúsa, maor Héaróid, agus Súsanna, agus mórán nárbh iad, a bhíodh ag freastal orthu as a maoin.

___________________________________________________

(leagan gearr)
AN SOISCÉAL:                      Lúcás 7: 36-50
Sin é an fáth a bhfuil a peacaí – a mórchuid peacaí – maite di; is léir sin ó mhéid a grá.

San am sin thug duine de na Fairisínigh cuireadh dó chun proinne aige féin; agus ar dhul isteach dó i dteach an Fhairisínigh, chuaigh ina luí ag bord. Agus peacach mná a bhí sa chathair, nuair a fuair sí scéala é bheith ag bord i dteach an Fhairisínigh, thug sí léi próicín alabastair d’ola chumhra, agus ar bheith di ar gcúl ag a chosa agus í ag gol, thosaigh ag fliuchadh a chos lena deora, agus bhí á dtriomú le folt a cinn, agus í ag pógadh a chos agus á n-ungadh leis an ola chumhra.

An Fairisíneach a thug an cuireadh dó, ar a fheiceáil sin dó, dúirt ina aigne: “Dá mba fáidh an duine seo, bheadh a fhios aige cé hí, agus cén sort í, an bhean seo atá ag baint leis, gur peacach í.” Dúirt Íosa leis á fhreagairt: “A Shíomóin, tá rud agam le rá leat.” “A Mháistir,” ar seisean, “abair.” Dúirt: “Bhí beirt i bhfiacha ag éilitheoir áirithe: bhí cúig céad déanar amuigh ar dhuine acu, agus caoga ar an duine eile. Nuair nach raibh an t-íoc acu, mhaith sé dóibh araon. Cé acu, mar sin, is mó grá dó?” D’fhreagair Síomón agus dúirt: “An té, mo bharúil, is mó dár mhaith.” Dúirt sé leis: “Thug tú an bhreith cheart.”

Agus ag iompú chun na mná, dúirt sé le Síomón: “An bhfeiceann tú an bhean seo? Tháinig mé isteach i do theach; níor thug tú uisce chugam do mo chosa; ach do fhliuch sí seo mo chosa lena deora agus thriomaigh lena gruaig iad. Níor thug tú dom póg; ach í seo, ó tháinig mé isteach, níor stad sí ach ag pógadh mo chos. Níor ung tú mo cheann le hola; ach d’ung sí seo mo chosa le hola chumhra. Sin é an fáth, deirim leat, a bhfuil a peacaí – a mórchuid peacaí – maite di; is léir sin ó mhéid a grá. Ach an té dá maítear an beagán, ní ghránn ach beagán.” Agus dúirt sé léi: “Tá do pheacaí maite.” Agus iad seo a bhí ag bord leis, thosaigh siad ag rá ina n-aigne: “Cé hé seo a dhéanann fiú amháin peacaí a mhaitheamh?” Ach dúirt sé leis an mbean: “Shlánaigh do chreideamh tú. Imigh faoi shíocháin.”


© Cumann na Sagart 2017