Léachtaí an Aifrinn, 26 Feabhra 2017

An Chéad Léacht                  Íseáia 49:14-15
Ní dhéanfaidh mise dearmad ortsa go deo!

Mar bhí Síón á rá: “Tá mé tréigthe ag an Tiarna, 

tá mé ligthe i ndearmad ag mo Dhia.”
An ndéanann bean dearmad ar leanbh a cíche,
an mbíonn deireadh lena grá do mhac a broinne?
Agus dearmad dá ndéanfadh féin,
ní dhéanfaidh mise dearmad ortsa go deo!

Salm le Freagra                   Sm49
Freagra:                                   Bíodh do shuaimhneas i nDia amháin, a anam liom.

1. In Dia amháin a fhaigheann m’anam suaimhneas;     is uaidh a thagann mo shlánú.    Is é sin amháin mo charraig is mo shlánu    is mo dhaingean: ní bhogfar me.                    Freagra

2. Bíodh de shuaimhneas i nDia amháin, a anam liom,     óir is uaidh a thagann me dhóchas.    Eisean amháin mé charraig is mé shlánú,    eisean mé dhaingean: ní bhogfar mé.           Freagra

3. Ag Dia atá mo shlánú is mo ghlóir;    is é carraig mo nirt é is mo dhídean.    Cuirigí bhur ndóchas ann de shíor, a phobal;     doirtigí bhur gcroí amach ina fhianaise.    Freagra

An Dara Léacht         1 Coirintigh 4:1-5
Tabharfaidh an Tiarna agus nochtfaidh sé rúin na gcroíthe.

A bhráithre, tuigeadh daoine gurb é atá ionainne, seirbhísigh do Chríost agus maoir ar rúndiamhara Dé. Éilítear ansin ar na maoir duine a bheith dílis. Is róchuma liomsa, más ea, sibhse nó cúirt daoine ar bith a thabhairt breithe orm. Go deimhin ní thugaim féin breith orm féin mar siúd is go bhfuil coinsias glan agam ní fhágann sin neamhchiontach mé. Is é an Tiarna féin a thugann breith ormsa. Ná bígíse, dá bhrí sin, ag tabhairt breithe roimh ré, nó go dtiocfaidh an Tiarna agus tabharfaidh seisean chun solais na nithe atá folaithe sa dorchadas agus nochtfaidh sé rúin na gcroíthe, agus ansin gheobhaidh cách a mholadh ó Dhia.

Alleluia Véarsa                   Eo 17: 17
Alleluia, alleluia!
Is fírinne do bhriathar. Déan sinn a naomhú san fhírinne.
Alleluia!

An Soiscéal                           Matha 6: 24-34
Ná bígí imníoch faoin lá amárach.

San am sin dúirt Íosa lena dheisceabail: “Ní féidir do dhuine ar bith dhá mháistir a riaradh; óir beidh fuath aige do dhuine acu agus grá aige don duine eile, nó beidh sé ag déanamh dúthrachta do dhuine acu agus ag déanamh neamhshuime den duine eile. Ní féidir daoibh Dia a riaradh agus an t-airgead.

Sin é an fáth a ndeirim libh: ná bígí imníoch faoi bhur mbeatha i dtaobh bia nó dí, na faoi bhur gcorp i dtaobh éadaigh. Nach mó le rá an bheatha ná an bia agus an corp ná an t-éadach? “Féachaigí éanlaith an aeir: ní dhéanann siad síolchur ná fómhar ná cnuasach sna sciobóil, agus tugann bhur nAthair neamhaí bia dóibh. Nach mó is fiú sibhse ná iad sin? Cé agaibh a d’fhéadfadh, le bheith ag déanamh imní, aon bhanlámh amháin a chur le fad a shaoil? Agus cé an fáth a bhfuil sibh imníoch i dtaobh an éadaigh? Tugaigí faoi deara lilí an bháin, mar a fhásann siad; ní dhéanann siad saothar ná sníomh. Ach deirim libh nach raibh ar Sholamh féin, dá mhéad a ghlóir, cóir éadaigh mar atá ar cheann díobh seo. Lus an bháin a bhíonn ann inniu agus atá le caitheamh sa sorn amárach, má éadaíonn Dia mar sin é, nach móide go mór dó sibhse a éadú, a lucht an bheagán creidimh? Dá bhrí sin, ná bígí go himníoch ag fiafraí: ‘Cá bhfaighimid bia, nó deoch, nó éadach?’ Nithe iad siúd uile a mbíonn na págánaigh ar a dtóir; rud eile, tá a fhios ag bhur nAthair neamhaí go bhfuil gá agaibh leis na nithe sin uile. Ach déanaigí ríocht Dé agus a fhíréantacht a lorg ar dtús, agus tabharfar na nithe sin uile daoibh chomh maith. Mar sin, ná bígí imníoch faoin lá amárach; beidh an lá amarach imníoch faoi féin. Is leor do gach lá a chuid féin den trioblóid.

© Cumann na Sagart 2017