Léachtaí an Aifrinn, 16 Iúil 2017

An Chéad Léacht        Íseáia 55:10-11
Cuireann an bháisteach eascar sa talamh.

Seo mar a deir an Tiarna:

Mar a thagann báisteach agus sneachta anuas ó na spéartha
agus nach bhfilleann suas ar ais gan an talamh a fhliuchadh, gan fás agus eascar a chur ann,
chun go dtuga sé síol don síoladóir agus arán le hithe,
is amhlaidh don bhriathar a théann as mo bhéal, ní fhilleann orm gan toradh,
gan an rud a b’áil liom a dhéanamh agus mo bheart a chur I gcrích.

Sin é Briathar Dé.

SALM LE FREAGRA.   Sm 64
Freagra                            Thit an síol ar an talamh maith agus thug toradh uaidh.

1. Tugann tú cuairt ar an talamh, á uisciú.
Méadaíonn tú a mhaoin.
Sceitheann abhainn Dé thar bruacha
d’fhonn arbhar a sholáthar dó.                            
Freagra

2. Is mar sin a ullmhaíonn tú an talamh
ag tabhairt uisce dá chlaiseanna.
Déanann tú é a bhogadh Ie ceathanna.
Beannaíonn tú a gheamhar.                                 
Freagra

3. Cuireann tú barr ar an mbliain le d’fhéile
go mbíonn do chéimeanna ag sileadh le méathras
agus féarach an fhásaigh ar sileadh.                
Freagra

4. Tá na cnoic arna gcrioslú Ie gairdeas,
tá na móinéir líonta de thréada.
Tá na gleannta faoi bhrat arbhair:
tógann siad gártha agus canann Ie háthas. 
 Freagra

AN DARA LÉACHT:                    Rómhánaigh 8:18-23
Tá an dúlra féin ag tnúth go díocasach le foilsiú chlann Dé.

 A bhráithre, measaim nach fiú le háireamh pianta na huaire seo le hais na glóire atá le foilsiú dúinn. Mar tá an dúlra féin ag tnúth go díocasach le foilsiú chlann Dé. Cuireadh an dúlra freisin ó rath, ní dá dheoin féin ach mar gheall ar an té úd a chuir ó rath é, ach i ndóchas; mar fuasclófar an dúlra féin ó dhaoirse na truaillitheachta, chun saoirse ghlórmhar chlann Dé. 22 Is eol dúinn go ráibh an chruthaíocht go léir le chéile go dtí anois ag cneadach le tinneas mar a bheadh sí ar a leaba luí seoil.

Agus ní hé an dúlra amháin atá amhlaidh ach sinne féin chomh maith; cé go bhfuil céadtorthaí an Spioraid againn cheana féin, táimidne ag cneadach freisin inár gcroí istigh agus sinn ag feitheamh le go ndéanfar clann dínn,agus go mbeidh ár gcorp fuascailte.

Sin é Briathar Dé.

Alleluia Véarsa              1 Sam 3: 9, Eo 6: 68
Alleluia, alleluia!

An Soiscéal :                        Matha 13:1-23

Tháinig Íosa amach as an teach an lá sin agus chuaigh ina shuí cois na farraige, agus tháinig sluaite chomh mór sin le chéile ag triall air go ndeachaigh sé isteach i mbád agus gur shuigh inti, agus an slua go léir ina seasamh ar an gcladach. Agus rinne sé mórán cainte leo i bparabail.

Dúirt: “Chuaigh an síoladóir amach ag cur an tsíl. Agus sa síolchur dó, thit cuid den ghrán le hais an bhóthair, agus tháinig an éanlaith á ithe suas. Thit cuid eile de ar na creaga, áit nach raibh mórán ithreach ann dó, agus nuair nach raibh an ithir dhomhain aige, d’eascair sé gan mhoill. Ar éirí don ghrian, áfach, loisceadh é, agus d’fheoigh sé de cheal fréimhe. Cuid eile fós de, thit sé i measc an deilgnigh, agus d’fhás an deilgneach aníos agus phlúch é. Ach bhí cuid eile de a thit ar an talamh maith agus thug sé toradh uaidh, toradh faoi chéad in áit, faoi sheasca in áit eile, faoi thríocha in áit eile. A té a bhfuil cluasa air, éisteadh sé!”

Tháinig na deisceabail chuige á rá: “Cén fáth ar i bparabail atá tú ag caint leo?” Dúirt sé leo á bhfreagairt: “Is é fáth é, mar tá sé tugtha daoibhse eolas a bheith agaibh ar rúndiamhra ríocht na bhflaitheas, ach níl sé tugtha dóibh siúd. Óir, duine ar bith a mbíonn ní aige, tabharfar dó agus beidh fuílleach aige; ach duine ar bith a bhíonn gan ní, fiú amháin a mbíonn aige bainfear de é. Agus sin é an fáth a bhfuilim ag caint i bparabail leo, mar feiceann siad gan feiceáil agus cluineann siad gan cloisteáil agus gan tuiscint. Agus sin mar atá á comhlíonadh iontu an tairngreacht a rinne Íseáia:

‘Beidh sibh ag cloisteáil go deimhin ach ní thuigfidh sibh,
beidh sibh ag breathnú go deimhin, ach ní fheicfidh sibh,
óir chuaigh croí an phobail seo chun raimhre,
d’éist siad le cluasa bodhránta,
d’iaigh siad a súile,
d’eagla go mbeadh radharc na súl acu,
ná clos na gcluas,
ná tuiscint an chroí,
agus go n-iompóidís agus go leigheasfainn iad.’ “

Ach is méanar do bhur súilese mar go bhfeiceann said agus do bhur gcluasa mar go n-éisteann siad. Deirim libh go fírinneach, b’é ba mhian le mórán fáithe agus fíréan na nithe a fheiceáil a fheiceann sibhse agus ní fhaca siad iad, agus na nithe a chloisteáil a chluineann sibhse agus níor chuala siad iad.”

“Sibhse mar sin, éistigí le parabal an tsíoladóra. Duine ar bith a chluineann briathar na ríochta agus nach dtuigeann é, tagann Fear an Oilc agus sciobann sé leis an ní a cuireadh ina chroí: agus sin é an duine a ghlac an síol le hais an bhóthair. An duine a ghlac an síol ar na creaga, sin é an duine a chluineann an briathar agus a ghabhann chuige le háthas é láithreach, ach ní bhíonn fréamh aige ann féin, ach é neamhbhuan; an túisce is a thagann trioblóid nó géarleanúint mar gheall ar an mbriathar, cliseann air. An duine a ghlac an síol sa deilgneach, sin é an duine a chluineann an briathar, ach go mbíonn cúram an tsaoil agus mealladh an tsaibhris ag plúchadh an bhriathair agus fágtar gan toradh a thabhairt é. Ach an duine a ghlac an síol ar an talamh maith, sin é an duine a chluineann an briathar agus a thuigeann é; agus tugann sé sin toradh uaidh gan teip, faoi chéad nó faoi sheasca, nó faoi thríocha de réir mar a bhíonn.”

Sin é Soiscéal Dé.

__________________

Soiscéal gearr

An Soiscéal                    Matha 13:1-23

T

háinig Íosa amach as an teach an lá sin agus chuaigh ina shuí cois na farraige, agus tháinig sluaite chomh mór sin le chéile ag triall air go ndeachaigh sé isteach i mbád agus gur shuigh inti, agus an slua go léir ina seasamh ar an gcladach. Agus rinne sé mórán cainte leo i bparabail.

Dúirt: “Chuaigh an síoladóir amach ag cur an tsíl. Agus sa síolchur dó, thit cuid den ghrán le hais an bhóthair, agus tháinig an éanlaith á ithe suas. Thit cuid eile de ar na creaga, áit nach raibh mórán ithreach ann dó, agus nuair nach raibh an ithir dhomhain aige, d’eascair sé gan mhoill. Ar éirí don ghrian, áfach, loisceadh é, agus d’fheoigh sé de cheal fréimhe. Cuid eile fós de, thit sé i measc an deilgnigh, agus d’fhás an deilgneach aníos agus phlúch é. Ach bhí cuid eile de a thit ar an talamh maith agus thug sé toradh uaidh, toradh faoi chéad in áit, faoi sheasca in áit eile, faoi thríocha in áit eile. A té a bhfuil cluasa air, éisteadh sé!”

Sin é Soiscéal Dé.

© Cumann na Sagart 2017